Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 10 Seo píosa seanchais le Sean Ó hEochaidh faoi Mhí an Mhárta. Sin Mí an Mhárta agus tá Lá ‘ le Pádraig isteach i lár na míosa seo agus ma tá fhéin creidim nach bhfuil mí ar bith eile den dá mhí dhéag is mó a bhfuil seanchas ag baint léithe ná mí Mhárta. Rud an tábhachtach i saol na ndaoine an aimsir agus dár ndóighe creidim go dtarlaíonn sin siocar an dá shlí beatha is tábhachtaí acu sna háiteacha cúla seo ar a laghad, ‘ sé sin talamh agus farraige, agus dár ndóighe tá an dá rud ag brath go mór ar an aimsir. I dtaca le haimsir agus tinneas de níl amhras ar bith ann ná gur mí Mhárta an mhí is fabhtaí sa bhliain. Thuig an tseanmhuintir sin go maith agus bhíodh agus tá eagla orthu i gcónaí roimh an Mhárta, fiú ins an am i
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3