Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 11 láthair anois fríd an tír tá an drochshlaghdán ag dul agus níor mhothaigh mé an oiread seandaoine ag fáil bháis le fada go leor agus atá ag fáil bháis ins an am i láthair. Bhuel téigh ar fud na Gaeltachta agus cé nár chuala an seanfhocal sin – ‘ fuíollaí a mharaíos caoirigh agus Márta a mharaíos daoine ’ agus tá sé comh fíor inniu agus a bhí sé ariamh. Is dóiche go bhfuil ard na gaoithe ‘ na chiontaí ag mórán d ’ anás an Mhárta. Is gnách go dtig gaoth chruaidh lom fhuar ón aird anoir gí nach bhfuil sí ann go fóill i mbliana agus ‘ sé an t - ainm a bhéarfadh na seaniascairí ar an ghaoth chruaidh seo ná galfútar an Earraigh. Bhíodh an ghaoth sin chomh cruaidh sin agus seanmhóin ar bith agus spadar a bhíodh caite ar an phortach i ndiaidh an tSamhraidh a chuaigh thart go dtriomódh sí uilig agus go bhfaigheadh siad í cruinnithe sula dtéadh siad a bhaint na mónadh. Gaoth pholltach cinnte agus tá an chlú ar an ghaoth seo go siúlann sí go tapaigh agus go híséal os cionn an talaimh agus rud ar bith a thaistealas go gasta, go fiú gluaisteán atá ag taisteal níos gaiste ná ba cheart dó cluinfidh tú daoine ag rá – ‘ chuaigh sé tharam mar a bheadh gaoth Mhárta ann ’. Cuireann sin in iúl caidé chomh gasta ná chomh hachomair agus a shéid gaoth Mhárta. Tá an chlú ar an ghiorria fosta go bhfuil sé níos ligthe sa Mhárta ná mar tá sé am ar bith eile ar feadh na bliana. Cibé fán aimsir ná an tinneas ná an seanchas a bhí ag dul leis an Mhárta níl rud ar bith eile a gcuirfeadh na seanmhná suim ann ná coileach dubh Márta. Tá mé cinnte go bhfuil cuimhne ag cuid acu ar an am nach mbeadh bean tí ar bith sásta mura mbeadh éillín aici a mbeadh coileach dubh air. Bhí cuid mhór tíolacthaí ag baint leis dar ndóighe, bhí an dubh i gcónaí an - tábhachtach sa tseanchas, sna pisreoga agus ins na Gaoth chruaidh lom fhuar an Mhárta Goirria - nios ligthe sa Mhárta
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3