Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 12 seanscéalta. Creidim go bea an tsiocar a bhí le sin ná gur airigh siad gurb é an dubh rí na ndathanna. Deir siad, nó ba ghnách leofa rá cibé, go nglacfaidh achan dath dubh ach nach nglacann dubh dath ar bith. Níl fhios agam a bhfuil sin fíor faoi na dathanna nua - aimseartha atá ag dul faoi láthair. Bhí an teach dubh ainmnithe sna seanscéalta, bhí an cú dubh ábalta na cailleachaí pisreogacha seo a níodh giorriacha dóbhtha fhéin lá Bealtaine, bhí siad ábalta a gceansú. Bhí an t - ábharsóir (diabhal) dubh fosta nuair a bhíodh sé ag bogadaí thart ach mar sin fhéin bhí an coileach dubh ábalta an bhuaidh fháil air agus achan spiorad eile dá mbíodh ar a gcos nó an iarraidh amháin a scairteadh an coileach chaithfeadh siad uilig a dhul fá chónaí. ‘ Nois ins an tseanam nuair a bhíodh créatúir as na ceanntracha seo nó as ceantair eile ar chósta na gaeltachta, nuair a chaithfeadh siad imeacht as baile cuirim i gcás, dar ndóighe tá fhios againn uilig ba de shiúl cos a chaithfeadh siad an turas sin a dhéanamh, deirimid as Gaoth Dobhair go Doire, as Cloich Cheann Fhaola go Doire agus thiar an taobh s ’ againne mar a gcéanna, chaithfeadh siad imeacht fiú dá mbeadh siad ag dul ‘ un aonaigh, chaithfeadh siad imeacht deireadh oíche, le fáil go bun na scríbe le breith ar bhád nó rud inteacht a bheadh ag dul trasna. Agus cuid acu a bhíodh uaigneach go leor ag imeacht daofa deireadh oíche. Ach ar maidin le bodhránacht an lae agus ba ghnách leis an choileach i gcónaí scairtigh ná glaoch le bodhránacht an lae agus uair amháin a chluinfeadh siadsan an choileach bheadh uchtach agus misneach acu agus cha raibh a dhath ar an tsaol le iad a scaradh ‘ na dhiaidh sin. D ’ imeodh an t - uaigneas dóibh ina dhiaidh sin ná bhí sé bainte fuinte istigh ina n - intinn uair amháin a scairtfeadh an coileach go gcaithfeadh achan spiorad, dá mbeadh a leithéad ann, nó taibhsí, cuma caidé bheadh ann, go gcaithfeadh siad uilig a dhul fá chónaí. Sa chéad eagrán eile de Ghuth Ghoill beidh sceál seanchais uaidh Sheán faoi choileach dhubh Mhárta. Chuaigh sé tharam mar bheadh gaoth Mhárta Coileach dubh Márta
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3