Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 13 Níl fhios agam caidé ba chúis leis ná caidé’n draíocht a bhí fá Dhumhaigh ach is fíor a rá go dtug cuid mhaith de bhunadh Dhumha saol fada leofa. Níl fhios agam bea aer folláin na farraige, an t-iasc, bia trá, creathnach, duileasc nó righneacht na ndaoine fhéin ba chúis leis ach tá an fhianaise ansin. Níl amhras ná go bhfuil seo cinnte fíor fá theaghlach Mhic Pháidín as Dumhaigh nó Muintir Mhícheáil mar is fearr aithne orthu agus tá Sarah, ar labhair mé léithe go minic le scéal a teaghlaigh agus a saol i nDumhaigh ina hóige a fháil, beo beathach i gcónaí agus í ag tarraingt ar an chéad. Bean thar a bheith lách atá in Sarah, í p l é i s i ú r t h a , f laithiúil agus neart den ghreann inti. Tá sí fhéin agus Pat ina suí go seascair thoir i gCeann na Lear- gaí agus gura fada buan mar sin iad. Bhain mé tait- neamh mór as a cuideachta agus na huaireanta a chaith muid le chéile agus í ag cur síos ar a h ó i g e agus ar an saol i nDumhaigh le linn daoithe a bheith ag éirí aníos. Cha raibh stró ar bith uirthi a dhul siar go dtí na laethanta sin nuair a bhí cor- radh agus trí fichid páiste ag siúl as Dumhaigh go Scoil Dhoire a ‘ Chasáin. Bhí siúl fa- da ‘na scoile acu ach is cosúil nár chuir seo isteach nó amach orthu, mar a dúirt sí fhéin, ‘ bhí muid óg agus lúfar ligthe’. Deirtear gur i nDumhaigh a rinneadh an chéad chónaí in Íochtar Ros Goill, bhí na tithe uilig tógtha in aice na farraige ag tús ama agus baisteadh an seanbhaile ar an chuid seo de Dhumhaigh. Téann an seanbhaile siar blianta fada agus bhí an bealach mór ag dul síos ar chúl theach na Frank’s agus tigh Mhícheáil agus cha deachaigh sé thar an seanbhaile, cha raibh bealach ar bith eile ag dul soir ach casán na gcaorach agus na n-ainmhithe. Bhí ar na chéad daoine sin a mbeatha a thabhairt i dtír ar na carraigeacha loma agus níl amhras ar bith ná gur fhulaing siad go mór agus iad ag iarraidh a dhul i ngleic le talamh a bhí thar a bheith creagach agus le farraige a bhí thar a bheith fiánta, agus iad de shíor faoi chuing ag léan, leatrom agus anás. Ach léirigh siad an teacht aniar agus an acmhainneacht a bhí iontu nuair a tháinig siad fríd an Teach Mhícheáil i nDuumhaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3