Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 14 drochshaol, agus chan amháin go dtáinig siad fríd ach thóg siad clanna móra le linn dóibh a bheith ar an ghannchuid. Ach nach iontach an rud é agus tú ag caint is ag seanchas leis an ghlún a chuaigh romhainn go bhfuil siad uilig ábalta cuntas a thabhairt faoin saol anásta a bhí ann agus san anál chéanna déanfaidh siad cur síos ar chomh sona sásta agus a bhí siad le linn a n-óige. Caithfear creidiúint mhór a thabhairt dár sinsear, tá muidinne ag teacht i dtír ar an síol a chur siad. Manás Mac Pháidín. Rachaidh muid ar ais fhad le sinseanathair Sarah, ba sin Manás Mac Pháidín. Níl dáta a bhreithe againn ach thiocfaí a rá, bunaithe ar an méid eolais atá againn gur rugadh é sa dara leath den 18ú aois.(1750-1800). Bhí Manás pósta ar Sarah Ní Oireachtaigh as na Dúnaibh agus bhí cúigear clainne acu, triúr girseach- Annie, Madgie agus Máire agus beirt ghasúr — Enda agus Mícheál. Bhí Annie pósta ar James Ó Dubhaigh as Léana Mór, Carraig Airt, Madgie pósta ar dhuine de chlann Mhic Giolla Bhríde as Dún Dumháin, agus Máire pósta ar Jondy Mac Giolla Bhríde as Doire A’Chasáin Beag. Bhí Enda pósta ar Grace Ní Ghallchóir as Doire a’Chasáin Beag agus Micheál pósta ar Nóra Nic Giolla Chearra as Dumhaigh. Micheál Mac Pháidín. Micheál a bhí ina sheanathair ag Sarah agus rugadh é sa bhliain 1811. Bhí sé pósta ar Nóra Nic Giolla Chearra as Dumhaigh, bhí sise ina haintín ag Micí Eoin ( seanaintín le Manás Eoin). Bhí seisear clainne acu, triúr girseach — Máire, Peggy agus Sophie agus triúr gasúr — Manás, Fred agus John. Bhí Máire pósta ar John Mór a Chorrach ( Mac Giolla Bhríde), cha raibh Peggy pósta, bhí John pósta ar Nuala Ní Dhubhaigh ( Nuala Chonchúir Rua) as Baile ‘n tSléibhe – ba seo athair agus máthair Sarah. Fuair Micheál bás sa bhliain 1904 rud a d’fhág go raibh sé na trí bliana déag thar na ceithre scór. John Mac Pháidín. (John Mhícheáil). Rugadh John Mac Pháidín nó John Mhícheáil, mar a bhí aithne air fán cheantar, sa bhliain 1858 agus bhí sé cúig bliana déag thar na ceithre scór nuair a fuair sé bás sa bhliain 1953. Mar a dúirt mé bhí John pósta ar Nuala Chonchúir Rua as Baile an tSléibhe. Bhí John Mhícheáil agus a bhean Nuala

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3