Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 15 beirt dheirfiúr eile ag Nuala a bhí pósta i nDumhaigh fosta; ba sin Sorcha a bhí pósta ar Phádraig Mac Laifeartaigh ( Pádraig Den) agus Máire a bhí pósta ar John a’ Buaidhe.(John Frank). ‘Sé an chuimhne atá ag Sarah dá hathair ná go raibh sé cneasta, cráifeach agus b’é a chuirfeadh tús leis an phaidrín sa teach achan oíche; char chuala sí é ag eascainí am ar bith ná mionnaí móra óna bhéal ariamh agus char ól sé deoir ólacháin le linn a shaoil. Ba mhór an rud sin dó mar go raibh cuid mhaith poitín a dhéanamh ar an bhaile chéanna agus sna bailte fearainn mórthimpeall agus é ag éirí aníos. Dúirt sí go raibh colm ar thaobh a leiceann ón am a fuair sé fiacail amach i gCarraig Airt mar gurbh éigean don fhiaclóir ( cha raibh Sarah cinnte an fiaclóir nó dochtúir a bhí ann) poll a chur ina phluc leis an fhiacail a fháil amach. Nach milteanach an phian a bheadh i gceist le seo. Bhí a hathair tinn go maith in amanna le linn a shaoil ach sin agus eile thug sé saol fada leis. D’oibrigh a máthair go dícheallach fosta mar a rinne na mná uilig fán áit, chan amháin gur thit tógáil clainne agus obair tí orthu mar chúram ach ba mhinic iad ag obair taobh amuigh fosta, ag dul don mhóin nó don bharr. Chaith a máthair lá, agus í ag iompar clainne, ag tarraingt móna nó turtóga ón Chnoc Mhór, agus rugadh leanbh di an tráthnóna céanna. Ba mhinic a chaitheadh a máthair go lár na hoíche ag glanadh agus ag sailleadh éisc nuair a bhíodh cur mór éisc isteach leis na fir. An Chlann. Bhí an chloigean déag de chlann ag John Mhícheáil agus ag a bhean Nuala, seisear Ochtar de mhuintir Mhícheáil sa phictiúr seo chomh maith le Stephen Ghráinne, fear Chití agis Jimí Dhonchaidh Jimí, O chlé: Stephen Ghráinne, John, Máire, Sophie, Jimí Dhonchaidh Jimí, Sarah, Micí, Chéarlaí, Nochaí agus Cití Seo Peigí, aintín le Sarah

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3