Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 16 mac agus cúigear iníonach — Mícheál, Hannah, Máire, N o c h a í ( C o r n e l i u s ) , Manás,Cití, Chéarlaí, John, Fred, Sarah agus Sophie. Deir Sarah go raibh cuid mhaith acu ar fostú i ndiaidh daofa an scoil a fhágáil, anseo sa pharóiste, i bhFánáid agus comh fada ar shiúl le Contae Dhoire. Nuair a bhíodh bunadh Ros Goill a bhíodh ar fostú i bhFánáid ag iarraidh a theacht na bhaile thiocfadh siad anuas go dtí na carraigeacha trasna ó Dhún Dumháin agus chroithfeadh siad a gcuid lámha san aer ag súil go bhfeicfeadh muintir Dhún Dumháin iad agus go rachadh siadsan ina n-araicis le curach le hiad a thabhairt anall. Ba seo an dóigh a tháinig siad anall chóir a bheith i gcónaí. Bhí aicearra mhaith anseo in áit a bheith ag siúl an bhealaigh. Chuaigh a haintín Peigí go haonach an fhostóidh i mBaile na nGallóglach am amháin le fostú a fháil do Mhicí, sin deartháir Sarah agus an duine ba sine den chlann. Rinneadh Micí a fhostú am inteacht sa tráthnóna agus bhí siad breá sásta. D’imigh Peigí isteach i gcúpla siopa ach nuair a tháinig sí amach ar ais bhí Micí agus an feirmeoir a d’fhostaigh é imithe leo. Bhí Peigí i ndroch dhóigh anois mar nach raibh ainm an fheirmeora ná cá háit a raibh cónaí air faighte aici uaidh. Is cinnte go raibh John agus Nuala i ndroch dhóigh fosta ar an scéal seo a chluinstin, cha raibh eolas ar bith acu cá raibh Micí ar fostú. Ceithre seachtaine fiosrúcháin a thóg sé ar John Mhícheáil go dtí go bhfuair sé amarc cá raibh Micí ar fostú. Sa deireadh thiar thall fuair sé amach go raibh sé istigh i gCo. Dhoire. D’imigh John go Doire agus fuair sé an fheirm a raibh a mhac ag obair air agus é breá sásta. Is cinnte gur faoiseamh mór a bhí anseo daofa uilig. Mícheál. ( Micí Mhícheáil). Ba Mícheál an duine ba sine den chlann agus rugadh é sa bhliain 1901. Bhí sé pósta ar Anna Níc Giolla Bhríde as an Ard Bhán agus bhí triúr clainne acu – John, Bríd agus Máire. Ar an drochuair fuair Anna bás óg sa bhliain 1941. Bhí Mící Mhícheáil é fhéin beo go dtí an bhliain 1990, bhí sé naoi mbliana agus na Seanphictiúr as Dumhaigh. Ar cúl ó chlé: Ta a fhios againn go bhfuil Hannah Frank & Bríd Fhearghail ina sheasamh ar chúl agus Bernie Mac Laifeartaigh (Bernie Frank) ina ghasúr bheag. Níl muid cinnte faoin trúir atá in suí.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3