Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 17 ceithre fichid nuair a fuair sé bás. Ba tigh Mhícheáil i nDumhaigh, ag an tseanmhuintir Nuala agus John, a tógadh an chlann, sin John, Bríd agus Máire. Phós John Anna Johnston agus bhí cónaí air ar an Fhál Carrach agus ‘sé an aithne ab fhearr a bhí againn uilig ar John ná faoin leasainm John na nDúnaibh. Ar an drochuair fuair John bás sa bhliain 1994 agus gan é ach na seacht mbliana thar an leathchéad. Beirt de theaghlacha bhí ag John agus Anna. Chuaigh Bríd agus Máire go Meiriceá. Bhí Bríd pósta ar Micheal Roach ach cha raibh clann ar bith acu. Fuair sí bás ina bean óg sa bhliain 1986. Tá Máire pósta ar Danny Mc Anally as Co. Dhoire agus triúr clainne acu, iníon amháin agus beirt mhac. Tá aithne mhaith againn uilig ar Mháire nó Máire Rua mar is fearr aithne uirthi mar go dtabharann sí ruaig ‘na bhaile achan Samhradh leis an cheangal lena fód dúchais a choinneáil beo. Is cuideachta mhaith atá i Máire agus í lán de scéalta faoina hóige agus í ag teacht ‘un aois i nDumhaigh. Hannah. Rugadh Hannah sa bhliain 1903 agus bhí sí pósta ar William Ewebank. Bhí triúr clainne acu, Sean, Máire agus Tony. Fuair William bás sa bhliain 1970 ach bhí Hannah, mar ba dual dá bunadh, beo go raibh sí na cúig bliana déag thar na ceithre scór. Bhí cónaí orthu i nDroichead na Banna i gCo. an Dúin agus bíonn a gclann thart fán cheantar go minic ar cuairt ag a mbunadh. Máire. Rugadh Máire sa bhliain 1904. Pósadh í ar William Mc Fadden agus bhí cónaí orthu ar an Ráith, in aice le Rath Maoláin. Bhí ochtar clainne acu, seachtar gasúr – Francis, Liam, John,Charles,Míchéal, Manás agus Con, agus an ghirseach amháin, sin Máire. Tá aithne mhaith ar Mhanás sa cheantar seo mar gur tógadh é i nDumhaigh ag an tseanmhuintir John agus Nuala agus is é an búistéir atá sa cheantar seo anois, tá siopa búistéara aige i gCarraig Airt. Tá an chuid eile den teaghlach pósta fá thimpeallacht Bhaile na nGallóglach. Francy pósta ar Mhary Mills agus cúigear clainne acu; John pósta ar Shíle Carr agus ceathrar mac acu; Charlie pósta ar Chatherine Ní Dhúgáin agus triúr clainne acu; Micheál pósta ar Chaitlín Ní Fhearraigh agus beirt chlainne acu; Manás pósta ar Eibhlín Ní Bhuaidhe agus seachtar clainne acu; Con pósta ar Ghrace Mc Glynn agus cúigear clainne acu;Máire pósta ar Mhicheál Ó Brógáin agus cúigear clainne acu; ba Liam an t-aon duine den chlann nach raibh pósta agus ar an drochuair tá sé anois ar shlí na fírinne le roinnt blianta. Fuair Máire bás sa bhliain 2001, bhí sí na seacht mbliana déag thar na ceithre scór.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3