Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 18 Nochaí Mhícheáil. Rugadh Nochaí (Conchúir) Mhícheáil sa bhliain 1906. Bhí sé pósta ar Mhadge Ní Ghallchóir agus bhí triúr clainne acu, gasúr amháin – James agus beirt ghirseach – Anne agus Finola. Fuair Madge bás sa bhliain 1988 agus Nochaí sa bhliain 1998 agus é dhá bhliain déag os cionn na ceithre scór. Máinigh Mhícheáil. ( Manás ) Rugadh Máinigh sa bhliain 1908. Cha raibh Máinigh pósta agus chaith sé a shaol ag iascaireacht nó ar shiúl chuig na poirt iascaireachta ag guttáil scadán. Chuaigh sé amach ar an churach lena athair nuair nach raibh sé ach seacht mbliana d’aois agus bhí sé corradh agus ceithre scór nuair a rinne sé a thuras deireanach sa churach ag deireadh na n-ochtaidí. Ba radharc coitianta a bhí ann fán am sin Máinigh a fheiceáil ag teacht isteach báighe Dhumhcha ar a shuaimhneas, leis fhéin, tráthnóna Fómhair agus a churach lán den chuid ab fhearr d’éisc. Thosaigh sé ag an ghuttáil sna Dúnaibh sa bhliain 1927 agus chríochnaigh sé leis an obair seo i 1976 agus eadar am bhí na Shetlands, na hOrkneys, Oileán Mhanainn, Yarmouth agus Lowestoft agus áiteacha nach iad feicthe aige. Cha raibh Máinigh ach cúpla mí ón chéad nuair a fuair sé bás. Sa 4ú agus sa 6ú eagrán de Ghuth Ghoill i Mí na Bealtaine 2005 tá agallamh breá ann a rinne Máinigh le Micheál Mharcais ( Mac Laifeartaigh) fána shaol. Cití Mhícheáil. Rugadh Cití sa bhliain 1910. Bhí Cití pósta ar Steafán Mac Giolla Bhríde (Stephen Ghráinne) as an Raplach. Duine amháin clainne a bhí acu, sin Máire. Tá Máire pósta ar Sheán Ó Buaidhe as Tamhnach Loch agus tá cónaí orthu idir Creamhghort agus Baile na nGallóglach. Tá ceathrar clainne acu. Bhí Cití na cúig bliana thar na ceithre scór nuair a fuair sí bás sa bhliain 2005. Chéarlaí Mhícheáil. Rugadh Chéarlaí sa bhliain 1912. Cha raibh sé pósta agus chaith sé páirt mhaith dá shaol mar shaor báid ag obair i mbádchlós Mhíobhaigh. Fuair sé bás sa bhliain 1987 agus é 75 bl d’aois.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3