Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 19 John Mhícheáil. Rugadh John sa bhliain 1915.Cha raibh John pósta ach oiread agus chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i nDumhaigh. Fuair John bás sa bhliain 2003 agus é ocht mbliana agus na ceithre fichid. Fearghal (Fred) Mhícheáil. Rugadh Fearghal sa bhliain 1916 agus bhí sé pósta ar Pheigí Ní Bhuaidhe, seo Peigí Eoin, iníon le Eoin Phadaí Bhuaidhe a raibh cónaí air i Míobhaigh. Bhí duine amháin clainne acu, sin girseach a raibh Finola uirthi. Ach ar an drochuair fuair Fearghal bás óg agus cha raibh sé ach na cúig bliana déag agus fiche nuair a fuair sé bás sa bhliain 1951. D’imigh Peigí agus a iníon go Meiriceá ina dhiadh sin. Bhí sí beo thall ansin i gcónaí nuair a rinne mise an taifead seo. Sophie Mhícheáil. Ba Sophie an duine ab óige sa teaghlach agus rugadh í sa bhliain 1920. Bhí Sophie pósta ar Leslie Szapajko fear as an Phólainn. Bhí mac amháin acu, ba sin John agus tá teach Samhraidh ag John in aice le Scoil Dhoire a’ Chasáin, istigh i gcuibhreann a bhí ag Simon Beag ( Ó Gallchóir). Sarah Mhícheáil. Ba Sarah an dara duine ab óige sa teaghlach. Rugadh í sa bhliain 1918. Phós sí Pát Ó Dochartaigh as an Ráith agus tá an bheirt acu beo beathach i gcónaí thoir i gCeann na Leargaí. Beirt chlainne atá acu, sin Máire agus Finola. Óige Sarah. Bhí corradh agus trí fichid páiste ag siúl as Dumhaigh go Scoil Dhoire a’ Chasáin fán am a raibh Sarah ag dul na scoile. Dar ndóigh char chuir sé isteach nó amach orthu go raibh acu le siúl, chan macasamhail agus páistí an lae inniu! B’iomaí lá fuar fliuch
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3