Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 2 An Clár © Céim Aniar, Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. 074 9154830 ceimaniar@eircom.net Ba seo an bhliain ab fhearr a bhí ag CLG Na nDúnaibh ar an pháirc peile le fada an lá. Deireadh seachtaine na Cincíse bhain siad Comórtas Peile Náisiúnta na Gaeltachta thíos i mBaile Mhúirne i gCo Chorcaigh. Ba mhór an ócáid a bhí ansin dar ndóigh agus rinneadh ceiliúradh mór. Rinne muid cur síos ar an chomórtas sin in eagrán eile de Ghuth Ghoill. Ansin i mí Dheireadh Fómhair bhí lá mór eile ag bunadh Ros Goill ar Pháric Uí Dhomhnaill i Leitir Ceanainn nuair a bhí an bhuaidh acu i gcraobh Sóisir na Contae 2016 A agus B. Agus lena chois sin chuaigh siad go dtí an cluiche leathcheannais i gcomórtas Sóisir idirchlubanna Chúige Uladh. Agus ma bhí bliain mhór ag na fir bhí bliain mhór ag girseachaí óga an chumainn fosta. Bhain siad Craobh na Contae Faoi - 16 C agus Faoi - 14 B agus shroich siad an cluiche ceannais Faoi - 13 A. Éacht gan amhras. Is cinnte gur ócáid mhór don phobal é seo ar fad, go háirithe do na teaghlaigh a mbíonn cuid dá gclann ag imirt. Spreagann a leithéidí seo an pobal agus cothaíonn sé misneach agus dóchas. Bliain Mhór ag CLG na nDúnaibh 2 Oíche Shamhna i Ros Goill 1955 8 Seanchas le Seán ó hEochaidh 10 Muintír Mhícheáil (Clann Mhic Pháidín) 13 Bó a raibh Gaeilge aici 32 Féile Chéim Aniar 2016 34 Dán Nollag le Pádraig Mac Piarais 36

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3