Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 20 Geimhridh a rinne siad an turas agus is cinnte gur lom an píosa de bhealach a bhí acu le cur daofa idir Malaigh Bhidí agus Malaigh ‘n Mhuilinn agus é go minic ag síobadh fearthainne isteach ó Bharr a’ Chorráin. Nach minic a shroich siad teach na scoile agus iad ar maos fliuch agus gan deis ná dóigh acu len’ iad fhéin a thriomú ná fáil chóir na tineadh áit a mbíodh an máistir ina sheasamh agus a thóin leis na haibhleoga! Bhí cuimhne mhaith aici ar an lá a luigh siad amuigh ón scoil. Bhí cúigear nó seisear acu ann, muintir Mhícheáil agus muintir Enda. Mheas sí gur a deartháir John a bhí mar cheann urraidh orthu. D’imigh siad amach an cnoc, suas ar chúl tigh Dinis Doncaí ar an Bhaile Láir.Is dócha go mbeadh sé deacair ag cúigear nó seisear páiste imeacht amach an cnoc ag an Bhaile Láir ag an am sin den mhaidin agus ansin a bheith ag iarraidh iad fhéin a choinneáil i bhfolach gan duine inteacht iad a thabhairt faoi deara. D’fhan siad i bhfolach amuigh ar an chnoc agus choinnigh siad súil ghéar go dtí go bhfaca siad na páistí eile ag teacht ‘na bhaile ón scoil, thug siad aghaidh ar an bhealach mhór ansin. Ach mar a dúirt Sarah, ‘bhí ár gcroí amuigh ag dul ‘na bhaile dúinn’ agus leoga bhí an t -ábhar acu. Ar an drochuair dóbhtha bhí an scéala amuigh orthu agus bhí John Enda ag fanacht leofa ar Mhalaigh ‘n Droma. Chan ródheas an fháilte a cuireadh rompu nuair a bhain siad an baile amach, fuair siad uilig an tslat. Bhí an máistir Dunleavy ansin nuair a chuaigh sí na scoile a chéaduair ach ba ar an Mháistír Mac Fhionnlaoich ba mhó a bhí a cuimhne. Ba ghnách leis na spéaclóirí a bhaint de agus iad a fhágáil ina shuí ar an ‘mhantlepiece’ sula dtosódh sé a úsáid an tslait. Chuireadh sé na gasúraí móra, leithéidí Manás Hughie, anonn bealach na habhna a ghearradh slatacha. Is iomaí léasadh a thug sé dóbhtha agus cha raibh idirdhealú ar bith déanta idir na gasúraí agus na girseachaí agus char spáráil sé an tslat ná na dornaí. Ba sin an saol. Bhí sé coitianta go leor ag páistí laethanta a chailleadh ón scoil de thairbhe go mbíodh siad ar fostú cé nach raibh siad ag imeacht ar fostú comh hóg sin in am Sarah agus a bhíodh siad na blianta roimhe sin. Má bhí slua mór ag siúl ‘na scoile ag an am char chuimhin léithe go raibh mórán easaontais, titim amach, troid ná Manas Mac Pháidín (Mánas Hughie Mhánais) Sophie Hughie Mhánais (Nic Pháidin) agus Pádraig mhuintir Enda (an Sagart) i gcuideachta Nuala máthair Sarah.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3