Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 21 achrann ar bith eatorra. Ach go díreach go raibh cuimhne aici ar lá amháin go dtug a deirfiúr Cití buille san aghaidh do Shéarlaí Bán. Char chuimhin léithe cad é thug uirthi a lámh a thógáil leis, ‘bfhéidir’ a dúirt sí, ‘go raibh nóisean acu dá chéile’. Ba ghnách leo tráthnónta go leor a chaitheamh thíos fán tráigh áit a mbíodh siad ag imirt cluichí agus ag bocléimnigh thart.Bhí dúil mhór acu a bheith ag fanacht leis na curaigh a bhíodh ag teacht i dtír, go háirithe dá mbíodh na fir ag iascaireacht gliomach, bhí fhios acu ansin go mbeadh ladhra portáin le fáil. Ritheadh siad ‘na bhaile leis na ladhra portáin agus chaithfí na ladhra isteach i gcroí na tineadh agus ansin bhrisfí iad ar leacacha na cistine. Ba mhór an spraoi a bhíodh acu le seo. Cha raibh mórán cuimhne aici fhéin a bheith amuigh ar churach rómhinic ach go díreach go raibh lá amháin a deachaigh sí fhéin agus Nóra Phádraig Den ( Nic Laifeartaigh) agus iad ina leathghirseacha amach go Sleamhna le Micí Eoin sa churach, bhí cúpla caora ceangailte aige sa churach fosta agus bhí sé chun iad a chur i dtír ar Shleamhna. Seo an rud a dhéanfaí le caoirigh a bhí crosta agus deacair a smachtú, d’fhágfaí iad amuigh ar Shleamhna ar feadh tréimhse le ‘múineadh’ a chur orthu — cibé fá mhúineadh a chur orthu is cinnte nach mbeadh mórán acu le hithe ar Shleamhna. Níl mé ró-chinnte ar obair an cleas seo ach bhí seo coitianta ag an am. Cleasaíocht. D’aithneofá ó bheith ag caint le Sarah faoina hóige agus faoina saol nach raibh an chleasaíocht ná an rógaireacht i bhfad ar shiúl in aon am. Bhí sí fhéin agus Bella John Enda ( Níc Pháidín) i gcónaí breá mór lena chéile. Bhí seanchása fá theach Mhícheáil a raibh siad chun a chaitheamh amach agus shocraigh sí fhéin agus Bella go gcuirfeadh siad Máire Rua isteach sa chása, cha raibh aois mhór ag Máire Rua ag an am, agus go dtabharfadh siad an cása anonn chuig Ellen, máthair Bhella. Chuir siad Máire Rua sa chása agus d’iompar an bheirt acu an cása anonn tigh John Enda. D’fhiafraigh siad d’Ellen an mbeadh maitheas ar bith sa chása díthe mar go rabhas a chaitheamh amach. Sarah ina hóige Colceathair Sarah agus cara mór dá cuid a bhí in Nora Phádraig Den (Nic Laifeartaigh). Fuair sí bás i lár na gcaogadaí ag tabhairt linbh ‘un tsaoil.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3