Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 22 Chuaigh Ellen síos ar a dá glúin leis an chása a scrúdú agus ansin d’oscail sí an cása agus nach milteanach an scanradh a fuair sí, Máire Rua ina luí sa chása amhail ‘s dá mbeadh sí ina luí marbh. Fuair sí an oiread sin de scanradh go bhfuil cuimhne ag Sarah ar an eachtra go dtí an lá inniu ann agus is cinnte go raibh Sarah i fhéin i gcónaí buartha ina dhiaidh sin faoin rud a rinne siad. Ach bhí siad ina ngirseacha óga agus char shíl siad a dhath de ag an am mar nach raibh ann ach giota cleasaíochta a bhí soineanta go leor. Cráifeacht agus Ómós don Eaglais. Bhí an ghlúin seo de dhaoine a chuaigh romhainn iontach cráifeach agus bhí an-mheas acu don chreideamh agus don chléir. Deirfí an paidrín go dúthrachtach i ngach teach achan oíche agus dá rachfá isteach i dteach ina raibh an paidrín a rá ann chaithfeá a dhul ar do ghlúine go dtí go mbeadh an paidrín thart. Bhí raidió acu tigh Mhícheáil luath go maith sa tsaol agus mar a thuigfeá ba ghnách leis na seanfhir uilig a bhí ar an bhaile bailiú isteach a éisteacht leis an raidió agus bhíodh siad uilig ina suí thart fán tine ag caitheamh a gcuid píopaí, ag éisteacht le cibé a bhíodh ar an Raidió agus ag tabhairt a mbarúlacha – Nonny, Hughie Aindí Hughie, Donchadh Jimí, John Enda, John Fhearghail agus tuilleadh nach iad. Is dócha gur an cruthú is fearr atá againn maidir le homós agus meas don Eaglais agus don chléir ná nuair a bheadh sagart ag caint ar an Raidió bhainfeadh na fir uilig daofa a gcuid bearád agus thitfeadh an chuideachta ‘un ciúnais. Sular tógadh an Teach Pobail thuas ag Gáinne ba ghnách an tAifreann a rá sna scoltacha anseo. Bheadh an tAifreann a léamh ar feadh sé mhí i Scoil Mhíobhaigh agus ansin ar feadh sé mhí eile i nDoire a’ Chasáin. Dar ndóigh nuair nach raibh gléas taistil ar bith ag daoine, agus cha raibh mórán a raibh, ba de shiúl na gcos a rinneadh an turas ‘un Aifrinn i gcónaí. Go díreach mar a bhí sé as Dumhaigh go Scoil Dhoire a’ Chasáin cha raibh mórán foscaidh ar an bhealach as Dumhaigh go Scoil Mhíobhaigh ach oiread,thart bealach ‘n Chorach, b’iomaí maidin Gheimhridh a mbíodh na clocha sneachta ag léimnigh de na cluasa. Ach níos measa ná sin ba chuimhin léithe sagart a bheith fán cheantar seo agus chomh luath agus a bhíodh sé gléasta in éideadh an Aifrinn théadh sé fhad leis an doras agus chuirfeadh sé an glas air. Muna mbeifeá ansin in am ní bhfaighfeá isteach. Dúirt sí gur iomaí créatúr a bhíodh i ndiaidh turas fada a chur daofa as Dumhaigh agus iad báite fliuch, a fágadh ina sheasamh taobh amuigh de dhoras na scoile, doras an Aifrinn. Lámh throm na hEaglaise sa Phobal. Cé nach bhfuil ag Sarah go fóill ach ardmheas don Eaglais agus don chléir rinne sí cur síos ar chúpla eachtra a thaispeáin nach raibh an meas agus an t-omós a bhí ag an phobal don Eaglais a chleachtadh an bealach eile.Ba ghnách le hAifreann a bheith sna
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3