Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 23 tithe blianta ó shin, ba seo na ‘stations’ agus nuair a bheadh ‘stations’ ag daoine thosófaí ar ullmhúchán mór a dhéanamh do chuairt an tsagairt. Bhí cuimhne aici ar na ‘stations’ a bheith acu sa teach uair amháin agus fuair siad iasacht coinleoirí ó Mháire Frank, bean mhuinteartha dóbhtha. Bhí na coinleoirí ar dhéanamh vases agus bhí siad úr.Tháinig an sagart paróiste ‘un tigh leis an Aifreann a léamh. Ar an chéad dul síos cha raibh sé ar a shásamh cibé dóigh a bhí an t-altór leagtha amach agus tharraing sé an t-éadach bán a bhí ar an altóir, dhóirt an t-uisce a bhí ar an tábla agus ina theannta sin thit ceann de na coinleoirí ar an urlár agus briseadh é.Bhí tuilleadh le theacht. Mar ba ghnách ag an am thiocfadh na comharsana uilig isteach ‘un Aifrinn, go háirithe seandaoine nach raibh ábalta siúl ‘un Aifrinn a thuilleadh. Duine acu seo ab ea Hughie Aindí Hughie ( Ó Gallchóir) agus cha raibh sé ábalta de thairbhe a chuid piantaí a dhul ar a ghlúine. Tugadh cathaoir do Hughie le suí air ach tharraing an sagart é den chathaoir agus chaith sé an chathaoir ar leataobh agus thug sé air seasacht. Cha deachaigh Hughie a chóir ‘stations’ ar bith fán cheantar ariamh ina dhiaidh sin, cha dtiocfaí a bheith ina dhiaidh sin air.Agus mar dhlaoi mullaigh ar scéal na ‘stations’ tharla sé go raibh cléireach leis an tsagart as Carraig Airt agus cibé a rinne an gasúr bocht as an chasán tarraingíodh buille trasna na haghaidhe airsean os coinne a raibh i láthair. Saol corrach! Faire ar an Bhaile. Am ar bith a bhfaigheadh duine ar bith bás ar an bhaile bhí sé de nós nach ndéanfaí puinn oibre go mbeadh an marbhán san uaigh. Bhí cuimhne ag Sarah ar a deartháir John, Manás Eoin agus John Frank a bheith ag obair le móin agus turtóga amuigh ar an Chnoc Mhór. Bhí Brianaí Eoin Cheitsí ( Ó Frighil), a raibh cónaí air trasna ó theach Mhícheáil, ar leaba ‘n bháis. Ba ghnách le duine de na gasúraí a theacht go barr an aird ar chúl a’ tigh achan deich mbomaite agus scairteadh sé le bunadh an tí: ‘Bhfuil sé marbh go fóill’? Bhí a fhios acu go mbeadh deireadh lena gcuid oibre dá bhfaigheadh Brianaí bocht bás. Chaith cuid mhaith de na seanmhná i nDumhaigh an píopa, dar ndóigh is píopaí créafóige a bhíodh acu. Bhí na píopaí a d’úsáidtí ag an fhaire breá mór agus bhí sé de ghnás iad a chur thart ó dhuine go duine. Ba ghnách fear a bheith ag an fhaire a chaithfeadh a chuid ama ag gearradh agus ag spíonadh tobac le cur sna píopaí. I ndiaidh an tórraimh chuirfí na píopaí a chaithfí ag an fhaire síos sa talamh. Ba sin an gnás a bhí ag na daoine. Sa tseanam nuair a bhíodh clann mhór fá theach chuirfí duine acu go minic le bheith tógtha i dteach na seanmhuintire, ( athair mór agus máthair mhór ). Sin mar a tharla do Mhánas Mac Pháidín nó Mánas Mhícheáil mar is fearr aithne air fán Mánas Eoin (Mac Giolla Chearra)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3