Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 24 cheantar seo. Rugadh Mánas thall ar an Ráith áit a raibh cónaí ar a athair agus a mháthair. Nuair a bhí sé ceithre nó cúig de bhlianta cuireadh go Dumhaigh é chuig an tseanmhuintir, John agus Nuala. Cha raibh sé i bhfad i nDumhaigh nuair a fuair Máire Mhór Frank ( Ní Bhuaidhe ) bás.Chonaic sé scaifte ban ag teacht isteach Bearna ‘n Eallaigh agus seál orthu uilig.Chuir seo iontas an domhain air mar nach raibh seálta ar bith ar na mná fán Ráith, an t- aon dream a chonaic sé le seálta orthu ná lucht a’ tsiúl ach bhí seálta a gcaitheamh ag na seanmhná uilig i nDumhaigh san am sin, seo sna daicheadaí. Iascaireacht i nDumhaigh. Bhíodh currach fá achan teach i nDumhaigh agus bhí an iascaireacht mar pháirt mhór de shaol na ndaoine agus de thairbhe go raibh siad chomh cóngarach sin don fharraige bhí dlúthcheangal acu léi agus meas acu di. Ach sin agus eile bhí a cuid fhéin ag an fharraige. Bhí an t-iasc acu mar ábhar bidh agus lena chois sin nuair a bhí an t-iasc fairsing shaothraigh siad cúpla scilling. Bhí sé de nós ag muintir Bhaile Láir a theacht go Dumhaigh a thógáil saíáin ag deireadh an Fhómhair, go háirithe oícheanta gealaí, John Dhonchaidh, Pádraig John Phadaí, Nead Mhicí Eoin agus go leor eile. Glasáin bheaga a bhí sna saíáin, ba ghnách leo iad a shailleadh agus a thriomú, de réir cosúlachta bhí siad iontach blasta. Is dócha gur ‘delicacy’ a bhéarfaí ar na héisc bheaga seo i saol an lae inniu! Thiocfadh na fir ón Bhaile Láir le hasail agus cléibh. Shiúlfadh siad amach go béal na toinne, bascáid agus eangach leo le greim a fháil ar na héisc seo.Bhí fear ar achan cheann den eangach. Bhíodh siad ag líonadh na gcliabh leis na saíáin agus ansin d’ímíodh siad amach arís.Nuair a bhíodh na cléibh lán bhéarfadh siad aghaidh ar an bhaile.Bhí seo ag dul ar aghaidh ar feadh na mblianta. Bhaist Manás Eoin ‘Festival an Bhaile Láir’ ar an iascaireacht seo! Dar ndóigh bhí Manás Eoin ( Mac Giolla Chearra) breá éirimiúil agus lán de ghreann agus é mar chineál de rúnaí ag muint i r Chéarlaí Mór (John Fheargail) Mac Pháidín & Sarah Ag dul don fhéar - John Beag John Dhonchaidh, Chearlaí, Mhícheáil agus Madgie (bean Nochaí)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3