Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 25 Dhumha. Dá mbeadh litir le scríobh, foirm le líonadh nó iarratas de chineál ar bith le cur isteach bhéarfaí ruaig ar Mhanás. Nuair a fuair Muiris Bhidí bás agus é siar go maith i mblianta chuaigh John Beag (John Dhonchaidh) síos ag Manás le hinseacht dó go gcaithfí scéala a bháis a chur isteach ( níl muid cinnte cá háit nó cad chuige, b’fhéidir gur teastas báis a bhí a dhíth). Arsa Manás le John, ‘ Cén aois a chuirfidh mé síos do Mhuiris’? ‘Níl fhios agamsa’ arsa John Beag, ‘ach uair ar bith ar fhiafraigh mise de cén aois a bhí sé dúirt sé go raibh sé 39’! Ach comh maith le bheith éirimiúil bhí muintir Eoin géarchúiseach agus deisbhéalach ( witty) fosta.Bhí Micí Eoin, sin athair Mhánais ag teacht na bhaile as na Dúnaibh lá amháin agus é breá súgach agus b’fhéidir dhá thaobh an bhealaigh leis. Casadh bean Mhánais Hughie air píosa den bhealach amach as na Dúnaibh agus arsa sise leis, ‘You have a long walk ahead of you to Dooey Micí’ agus ‘sé an freagra a fuair sí, ‘It’s not the length I’m worried about but the width’. Bhí sé teacht ‘na bhaile lá eile fosta agus braon sa ghrágán. De thairbhe go raibh cúpla malaigh roimhe fuair Caitlín Mhicí Aindí asal agus fuair sí cuidiú Micí a chur trasna ar dhroim an asail. Tharraing siad ar Dhumhaigh agus is dócha go raibh cúpla duine nó dhó ar achan taobh den asal. Nuair a bhí siad ag teacht anuas Malaigh ‘n Droma ag tarraingt ar an teach bhí Manás ina sheasamh ag tóin a’ tí agus arsa seisean, ‘ Seo an Holy Family ag teacht anuas Malaigh ‘n Droma’. Bhí scaifte de mhuintir Dhumha thuas ar Mhianach Umha lá eile ag cur amach móna le hasail. Thosaigh sé ag stealladh báistí agus mhair sé ar feadh tréimhse fada. Bhí siad uilig ‘na suí thart fán tine ag comhrá. Shocraigh Mánas Eoin go dtaispeánfadh sé dóbhtha an dóigh le hasal a leagaint.Chuir sé a dhá sciathán thart fá mhuinéal an asail agus thug buille díthe lena ghlún ach bhí an talamh iontach fliuch agus shleamhnaigh sé. Fágadh é istigh i gcroílár na tineadh agus an t-asal sa mhullach air ! Bhí am eile a deachaigh Cití Mhícheáil isteach ‘na hotharlainne tráthnóna amháin. Maidin lá arna mhárach tháinig Mánas Eoin anuas tigh Mhícheáil. Bhi John agus Máinigh ansin agus rinneadh comhrá faoi achan rud faoin spéir ach cha raibh iomrá ar bith fá Chití a bheith ar shiúl ‘na hotharlainne agus bhí leisc ar Mhanás tagairt ar bith a dhéanamh de. Ach bhí bean de na comharsan ina sheasamh ar an bhealach mhór ar shiúl ón teach agus nuair a chonaic sí Manás ag dul isteach tigh Mhícheáil d’fhan sí thart go bhfeicfeadh sí cad é an scéal a bhí fá Chití. D’fhág Mánas tigh Mhícheáil agus ag dul an bealach dó arsa sise leis: ‘Manus, what’s the news on Cití Mhícheáil to- day’. ‘Lorda’ arsa Mánas, ‘ They’re issuing no bulletins to - day’. Lucht a’ tSiúl. Le linn de Sarah a bheith ag éirí aníos ba ghnách le lucht a’tsiúil a bheith thart go rialta, bhí leasainmneacha ar chuid acu, agus dar ndóigh bhíodh scéalta agus nuacht leofa ó cheantracha eile agus cuireadh fáilte roimh chuid acu. Bhí Slither About,
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3