Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 26 Lovely Paddy, Frank Long, Frank Mc Cool, O Malley, Donegan, Larry na nUihbeacha, Eoin Symie, Fear na bPócaí Móra, Fear na mBallads agus tuilleadh. Char bhain siad seo uilig le lucht a’ tsiúl ach bhí aithne mhaith orthu fán cheantar. Bhí cuid den dream a thiocfadh thart a raibh lámh mhaith acu ar dhéanamh earraí stáin, go háirithe muintir Eoin Symie, agus baineadh úsáid mhór as an channa stáin agus as an phandaí stáin fá na tithe. Bhí cuid eile acu a bhíodh ag cuartú déirce – gráinín ime, bainne, aráin nó a leithéidí agus cé nach raibh ag daoine san am ach an beagán char ligeadh mórán de lucht a’ tsiúl ó dhoras gan gráinín de rud inteacht a rann leofa. Bhí na daoine carthannach agus trócaireach. Agus lena chois sin ba mhinic a fuair cuid de lucht a’ tsiúl codladh na hoíche i dtithe, iad ‘na luí ar shráideog i gclúdaigh inteacht. Báthadh i nDumhaigh. Bádh beirt fhear i nDumhaigh a bhí muinteartha do Sarah, uncail díthe ar thaobh a máthrach, John Chonchúr Ruaidh ( Ó Dubhaigh) as Baile ‘n tSléibhe agus Den Phádraig Den ( Mac Laifeartaigh) colceathair di ar thaobh a máthrach fosta agus fear a bhí ina nia (nephew) ag John Chonchúr Ruaidh. Chuaigh John Chonchúr Ruaidh go Dumhaigh tráthnóna Fómhair amháin lena shlat iascaireachta agus d’imigh sé anonn ar na carraigeacha os comhair Tigh Phádraig Den agus chaith sé amach a líne. Dar ndóigh char cuireadh sonrú ar bith anseo ná ba ghnách scaiftí daoine a bheith fá na carraigeachta ag iascaireacht na blianta sin, thiocfaí mórán iasc a fháil leis na duáin ag an am sin mar go raibh na farraigí thart orainn ag cur thar maoil le héisc, chan amhlaidh agua an lá tá inniu ann. Nuair nach raibh iomrá ar bith ar John a bheith fán bhaile maidin lá arna mhárach d’fhág a athair Baile ‘n tSléibhe agus thug sé aghaidh ar Dhumhaigh. Bhí a iníon Nuala, sin máthair Sarah ag déanamh leapacha sa tseomra agus nuair a d’amharc sí thart bhí a hathair ina sheasamh ansin. ‘Caithfidhse go bhfuil John caillte’ ar seisean ‘nuair nach dtáinig sé ‘na bhaile’ D’imigh sé leis ansin síos tigh Phádraig Den áit a raibh iníon eile de pósta, sin Sorcha. Thosaigh an cuardach agus ar shiúl le scaifte anonn fríd na carraigeacha agus cad é tchíonn siad ach an tslat iascaireachta ag luascadh sna tonnta. Thángas ar an chorp tamall ina dhiaidh sin. Trasna ar na carraigeacha seo i nDumhaigh a bádh John Chonchúr Rua agus é ag iascaireacht.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3