Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 27 Den Phádraig Den I bhFómhar na bliana 1932 a cailleadh Den Phádraig Den. I ndiaidh tréimhse gaoithe móire d’imigh sé fhéin agus a dheartháir John Ruaidh amach go bhfeicfeadh siad an raibh scrios ar bith déanta ag an ghaoth mhór dá gcuid potaí gliomach. Ar an bhealach isteach ag Pointe Dhumhcha thiontaigh ‘n curach agus caitheadh an bheirt acu san fharraige ach d’éirígh leo greim a choinnéail, John ar na rámhaí agus Den ar an churach. Bhí tarrtháil ar an bhealach, Dowdy agus Micí Eoin ach sular shroich siad an bheirt dheartháir b’éigean do Den a ghreim ar an churach a scaoileadh agus bádh é. Bhí Sorcha, máthair na bhfear agus a deirfiúr Nuala ina seasamh ar an ard ag amharc ar an tarrtháil mar a bhí scaifte daoine eile. Nuair a thug Dowdy agus Micí Eoin aghaidh ar an chladach i ndiaidh na tarrthála thiontaigh Sorcha chuig Nuala agus arsa sise, ‘Cha deachaigh ach duine amháin isteach sa churach’. Bhí a fhios aici ag an phointe sin go raibh duine de na mic caillte. Nuair a tháinig an curach ‘na chladaigh bhí John Ruaidh bocht i ndroch dhóigh agus cha raibh a dhath as a bhéal ach: ‘Mise a d’fhág Den báite’. D’imigh John Ruaidh go hAlbain agus cha dearn sé a dhath maith ní ba mhó, chuir an tubaiste isteach go mór air le linn a shaoil. Deich lá i ndiaidh a chailleadh d’éirigh an corp i mbáighe Thrá na Rossann. Bhí Den dhá bhliain déag agus fiche. Cha raibh Sarah fá bhaile an lá a bádh Den, bhí sí amuigh i gCnoc na Marbh ag a cara Cití Carr, ( Cití Shéarlaí Carey). Tá cuimhne mhaith aici ar Mháire Mhór a theacht isteach i ndiaidh di a bheith ag siopadóireacht thíos tigh Aindí Hughie i nDumhaigh. D’fhiafraigh Charlie Carey díthe an raibh a dhath úr fá Dhumhaigh agus ‘sé an freagra a fuair sé ná, ‘Is daor a Sa chaolas seo idir Pointe Dhumhcha agus an charraig atá taobh amuigh de a bádh Den Phádraig Den.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3