Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 28 cheannaigh siad Dumhaigh inniu’. Char lig sí a dhath uirthi fhéin cé a bádh de thairbhe go raibh Sarah ansin Sarah agus Pat. Bhí Pat, fear céile Sarah, ag obair don Chomhairle Contae ar an chrusher agus bhí siad ag obair ar feadh tréimhse fada fán cheantar. Ba seo an dóigh a chur Sarah aithne air i dtús báire agus thit sí i ngrá leis. Ba chniotálaí den scoth a bhí i Sarah agus bhí cuid mhór geansaithe de dhéanamh ‘fair isle’ a chniotáil aici do shiopa Aindí Speer i gCarraig Airt agus do shiopa Joe Boyce sna Dúnaibh. Bhí Máire Rua ag dul ‘na bhaile ón scoil lá amháin i dtrátha an ama seo. Bhí sí ag siúl thart leis an chrusher thart fá mhalaigh Bhidí agus labhair Pat léithe ach cha raibh fhios ag Máire cé bhí ann, ach d’aithin sí go raibh geansaí de chuid Sarah air, ceann den déanamh ‘Fair Isle’. Nuair a bhain sí an baile amach cuireadh ceist uirthi, mar a chuirtí san am, ar casadh duine ar bith díthe ar an bhealach ‘na bhaile nó an raibh a dhath úr ar an scoil . ‘Cha raibh’ arsa Máire ‘ach go bhfaca mé Aindí Speer ar mhalaigh Bhidí’ ‘ Cén dóigh a mbeadh fhios agatsa gur Aindí Speer a bhí ann’ arsa a máthair mhór, ‘níl aithne ar bith agatsa ar Aindí Speer’. ‘Níl’ arsa Máire Rua ‘ach chonaic mé go raibh geansaí de chuid Sarah air agus chan Joe Boyce a bhí ann, caithfidhse gur Aindí Speer a bhí ann’. Cha raibh fhios acu sa teach ag an am go raibh Sarah agus Pat ag siúl amach le chéile. Choinnigh Sarah socair. Bhí Sarah iontach cairdiúil lena comharsan agus a colceathair a raibh cónaí uirthi trasna an bhealaigh, ba sin Bella John Enda. D’fhiafraigh sí de Bhella lá amháin cé na fir a bhí ar an ‘chrusher’, ‘níl ar an chrusher ach dhá sheanduine’ arsa Bella. Ansin am ar bith ina dhiaidh sin a gcuirfeadh sí an cheist chéanna deireadh Bella léi, ‘an dá sheanduine chéanna’. Dar ndóigh cha raibh fhios ag Bella ag an am go raibh Sarah ag siúl amach le Pat, choinnigh sí a rún aici fhéin. Lá na Bainise. Pósadh Sarah agus Pat sa Teach Pobail i gCarraig Airt ar an 30ú lá de mhí na Nollag 1952. Bhí an bricfeasta acu sa North Star i gCarraig Airt. A cara Bella a sheas léi mar fhianaise. Bhí cuimhne aici ar an bhricfeasta sa North Star, mar go raibh ceoltóir den scoth ansin as Tullach, fear a raibh Mandaí Neans (Ó Gallchóir) air. Dar ndóigh bhí clú ar Mhandaí Neans mar cheoltóir de thairbhe gur bhain sé an Corn i gcomórtas ceoil ag Feis Leitir Ceanainn trí bliana as a chéile. Cibé ar bith thit sé i ngrá le Máire Nonny ag bainis Sarah! Nuair a

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3