Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 29 socraíodh go raibh an t-am ann slán a fhágáil ag Carraig Airt agus aghaidh a thabhairt ar Dhumhaigh d’fhógair Mandaí Neans go raibh seisean chun a dhul go Dumhaigh fosta. Ach sular imigh seisean chuaigh sé isteach tigh Joe Phaidí Ruaidhrí, ( Mac Laifeartaigh) an búistéir, agus cheannaigh sé píosa feola, ar shiúl leis ar a rothar ansin agus a aghaidh ar theach na bainise i nDumhaigh. Bhí lá mór acu uilig ag an bhainis, dar ndóigh, a muintir fhéin agus muintir Phat agus ansin na comharsana uilig as Dumhaigh, lá mór ceoil agus óil. Nuair a bhí an ceiliúradh uilig thart agus daoine ag imeacht leo‘na bhaile caitheadh ólachán ar bith a bhí ar thóin na ngloiní isteach i gcúpla seanbhuicéad a bhí fán teach. Ach ar maidin lá arna mhárach nuair a bhí máthair Sarah ag líonadh na mbuicéad le bainne a thabhairt do na gamhna cha dtug sí faoi deara go raibh cuid den ólachán a bhí fágtha thart ó lá na bainise ar thóin na mbuicéad. Cuireadh amach an gháir go raibh cuid gamhna mhuintir Mhícheáil ólta i ndiaidh lá na bainise. Oíche na bainise fosta shocraigh Mandaí Neans go ndéanfadh sé Máire Nonny a thionlacan ‘na bhaile go dtí an Corrach. D’fhág sé a rothar abhus ar thaobh an bhealaigh ar an Chorrach agus shiúil sé Máire Nonny síos a fhad le tigh Nonny ach nuair a tháinig sé ar ais go dtí’n rothar bhí an fheoil, a cheannaigh sé tigh Joe Phaidí Ruaidhrí níos luaithe sa lá agus a bhí ceangailte aige den rothar, goidte. Bhí dinnéar mór feola áit inteacht i nDumhaigh nó ar an Chorrach an lá ina dhiaidh sin! Chaith Sarah agus Pat páirt mhaith dá saol i Londain áit ar thóg siad beirt chlainne, Nuala agus Máire. Nuair a tháinig deireadh lena saol oibre thall thug siad aghaidh ar an bhaile arís sa bhliain 1985 agus cheannaigh siad teach i gCeann na Leargaí. Tá an bheirt acu go sona sásta agus i mbarr a sláinte i gcónaí i gCeann na Leargaí. Sa bhliain 2012 rinne siad Sarah, Pat agus a gclann Nuala agus Finola . Pat, Sarah agus na páistí ar saoire ar an Ráith.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3