Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 3 Cluiche Ceannais Sóisir B Na Dúnaibh 2 - 8 Gaeil Leitir Ceanainn 0 - 9 Thosaigh an lá mór sin i Leitir Ceanainn le cluiche ceannais Sóisear B agus leis an fhírinne a rá bhí na Dúnaibh i bhfad róláidir do na Gaeil agus bhí siad un tosaigh ag leatham: Na Dúnaibh 1 — 5 Na Gaeil 0 — 2. Cé go bhfuair na Dúnaibh a gcéad scór don dara leath i ndiaidh ceithre bhomaite le iad a chur seacht bpointe un tosaigh chuaigh siad tréimhse fada ansin gan scór ar bith a fháil agus i ndiaidh ceathrú uaire cha raibh idir na foirne ach trí phointe. Ach de réir a chéile tháinig na Dúnaibh ar ais sa chluiche agus chríochnaigh an cluiche leis an scór: Na Dúnaibh 2 — 8 Na Gaeil 0 — 9. An Fhoireann: B.Mac Aodha, C. Mac Thaidhg, M.Mac Lochlainn, C Ó Siadhail, G.Mac Aodha, H. Dáibhis, B.Ó Buaidhe, C.Mac Giolla Chearra, S Ó Dochartaigh, B. Mac G.Bhríde, M. Ó Curráin, M Ó Cuilinn, L Mac G. Bhríde, S Mac Lai- feartaigh, S Mac G. Bhríde. Fir Ionaid: M. Mac G. Bhríde, N. Ó Cuilinn, E. Mac Róibín, P Mac G. Chomhaill, P.Mac Íomhair, S Mac Lochlainn. Cluiche Ceannais Sóisir A. Na Dúnaibh v Naomh Pádraig, Magh. (Muff). Bhí an chuid ab fhearr den imirt ag Magh sa chéad leath agus chríochnaigh an leath agus iad pointe un tosaigh. Cha raibh mórán idir na foirne ag aon am sa chluiche seo agus bhí na foirne cothrom agus corradh agus deich mbomaite fágtha sa chluiche ceannais seo nuair a fuair Magh a gcúl, buille marfach do na Dúnaibh, bhuel ba seo a shíl a lucht leanúna! Cha raibh na Dúnaibh ag imirt go rómhaith sa chluiche seo agus anois bhí orthu iad fhéin a tharraingt amach as an fhaopach ina raibh siad agus sin go díreach mar a rinne siad. D ’ éirigh leo an cluiche a chothromú le pointí ó C. Ó Gallchóir agus L Ó Conchúr agus an lucht féachána ar fad den bharúil go mbeadh am breise le himirt le hiad a scaradh ach chan sin mar a bhí. Cha raibh G B Mac Laifeartaigh ar an fhoireann de thairbhe gortaithe ach tháinig sé isteach mar fhear ionad sa dara leath. Fuair sé an liathróid thart fá dheich slat is fiche amach agus d ’ éirigh leis í a chasadh thar an trasnán. Bhí an lá leis na Dúnaibh, buaidh de phointe amháin, agus an dara craobh bu- aite acu. Is cinnte go ndearnadh cuid mhaith ceiliúrtha fán tsráidbhaile ar feadh cúpla lá. An fhoireann: P. Mac Grodaigh, Max An fhoireann a bhain Craobh Sóisir A na Contae An fhoireann a bhain Craobh Sóisir B na Contae

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3