Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 30 ceiliúradh trí fichead bliain ar lá a bpósta. Mar ba dual dá muintir tá Sarah ag tabhairt saol fada léi, is í an duine deireanach den chlann atá fágtha agus í dhá bhliain ón chéad. Agus níl caill ar Phat é fhéin ach oiread, é na cúig bliana déag agus ceithre scór. Tá an bheirt acu ag fáil aire mhaith ina dteach fhéin áit a bhfuil a iníon Nuala ag amharc ina ndiaidh go maith. Cuireann Sarah agus Pat fáilte mhór roimh chuideachta, tá credeamh láidir acu, iad lán scéalta, agus féith an ghrinn go smior i Sarah. Gura fada buan an saol atá rompu agus go bhfeicfidh siad an céad agus tuilleadh. Ar a sáimhín só ina dteach i gCeann na Leargaí Beidh Céim Aniar ag reáchtáil oíche Ghaelach - ceol & drámaíocht in Óstan na Trá go luath sa bhliain Ur. Dráma goirid leathuaire le Niall Mac Eamharcaigh a bheas a chuir i lathair ag aisteoirí Mhíobhaigh. Seo dráma grinn faoi Éirí Amach na Casca 1916. Lena chois sin beidh scoth an cheoil ó cheoltóirí áitiúla agus ón taobh amuigh. Níl an dáta socraithe i gceart go fóill. Bhéarfaidh muid an t - eolas sin daobh nuair a bheas sé againn. Ina dhiaidh sin beidh aisteoirí Mhíobhaigh ag cuir tús lena gcleachtadh ar dhráma úrscríofa eile le Francie, “ Cruthaíonn Bréag Bréaga ”. Beidh na h - imeachtaí i ndiaidh am scoile ag toiseacht arís do na páistí ag an Luan an 16ú Eanair Scéal ó Cheim Aniar

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3