Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 31 Seo cuntas ar chás a tháinig os comhair na cúirte ar an tSrath Bán fá úinéireacht bearaigh a tógadh ar an Mhuirleog. Socraíodh an cás sa deireadh i gcúirt ar an Ómaigh sa bhliain 1956. Seo mar a tharla an scéal. Dhíol Donie Mac Giolla Bhríde( Den Jack) bearach le Aindí Phádraig as Carraig Airt i mí Márta na bliana sin. Bhí an bearach trí bliana d’aois. Chuaigh Aindí ansin go haonach Bhaile na nGallóglach leis an bhearach agus dhíol sé í le William Black, ceannaí bó as Coolermoney atá in aice leis an tSrath Bán. Fear maith gnó a bhí i William Black. Cé go raibh cónaí air sa Tuaisceart, mar a dúirt sé sa chúirt bhí ‘Éire business’ aige fosta. Bhí talamh glactha ar cíos cois na Finne aige i mbaile fearainn Ballybogan in aice le Leifear. Dúradh sa chúirt go raibh an talamh seo mar ‘ Land Frontier’ le hÉirinn. Mar a dúirt mé cheana féin tá muid ag caint ar an bhliain 1956 agus is féidir léargas a fháil ar an meon a bhí ann maidir leis an teorainn. Ba go dtí an ‘Land Frontier’ seo a thug Black an bearach a cheannaigh sé ar an aonach. Bhí Samhradh breá te tirim acu an bhliain sin agus tharla leibhéal uisce abhainn na Finne a bheith breá íséal i rith an tSamhraidh. Is cosúil go raibh an bearach seo fiosrach, siúlach agus eolach agus nach bea sin an rud a bheifeá ag súil uaidh bhearach a tógadh ar an Mhuirleog!! Cé acu an féar nó an chuideachta
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3