Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 32 a mheall í d’éirigh léi a dhul trasna na habhann. Nuair a chuaigh Black ar a lorg arís ag tús Mheán Fómhair ba ansin a fuair sé í. Chuir sé an tóir uirthi arís trasna an ‘ Land Frontier’ ( an ahbainn). Ag deireadh Mheán Fómhair chuaigh sé go dtí an margadh eallaigh ar an tSrath Bán agus ba deacair dó creidbheáil an rud a chonaic sé lena dhá shúil. Bhí a bhearach fhéin a dhíol ansin ag duine eile. Cinnte rinneadh iarracht rud beag smideadh a chur uirthi! Bhí adharc amháin caillte, bhí fáinne cluaise aici agus rinneadh iarracht an ‘v’ marc a bhí bearrtha aige ar dheireadh an bhearaigh a chur i bhfolach. Bhí an cás cúirte casta mar a bheifeá ag dréim leis agus cuireadh scairt ar Aindí agus ar Donie le fianaise a thabhairt. Dúirt Aindí gur dhíol sé an bearach seo le Black i mí Meithimh agus níos moille sa bhliain go deachaigh sé fhéin in éineacht leis na póilíní agus gur aithin sé an bearach seo mar an ceann céanna a dhíol sé le Black. Fianaise Donie. Nuair a chuaigh Donie isteach i mbosca na fianaise ba i mBéarla a labhraíodh leis. Seo mar a chuaigh an scéal. Denis Mc Bride, Downings, said that in March of last year he sold a heifear to Mc Fadden. ( Aindí Phádraig) and at that time it was around three years old. He came to Strabane last October and went up to and spoke to the heifer and it came to him. It knew his voice. Mr. Simms (dlíodóir): What language did you speak to it in? Donie: in Irish. Breitheamh: Was it more familiar with that than with English? Donie: It is generally Irish we speak down there (i Ros Goill) Simms: You always spoke to it in Irish at home? Donie: Yes, since it was a calf. Simms: Are you satisfied it knew you? Donie: I expect it did, it came up alongside me. Agus é ag tabhairt freagra ar thuilleadh ceisteanna dúirt sé gur Polly an t- ainm a bhí ar an bhearach agus gur Betty, Maggie agus Peggy a bhí ar an chuid eile. Breitheamh: Would they know their own names?
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3