Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 33 Donie: Yes, when we call them they come. We generally talk to them all in Irish. Asked if the names were translated into Irish, witness said they were, and gave a demonstration of the Irish terms used towards the animals. Breitheamh: Would they know one name from another? Donie: They would. Tá sé measartha soiléir nach raibh an fhocal Gaeilge ag an bhreitheamh ná ag an dlíodóir Simms, níos mó Gaeilge ag an bhearach creidim! ‘Sé mo thuairim fosta nach mbeadh an tuigbheáil acu ná fiú amháin ag mórchuid den mhuintir atá ina gcónaí i Ros Goill inniu gur Gaeilge an gnáth theanga a bhí ag na daoine sa bhliain 1956. Sin an teanga a labhraíodh sa teach, leis an mhadadh agus leis an eallach. Socraíodh an cás cúirte sa deireadh ar an Ómaigh agus bhí an lá le Black agus an bhó a raibh Geilge aici. Rugadh Donie Mac Giolla Bhríde (Donie Den Jack) i mí na Bealtaine 1904 agus fuair sé bás i mí feabhra 1985. Bhí cuimhne mhaith ag a mhac Danny, a bhfuil cónaí air ar an Mhuirleog, ar an scéal faoin bhearach. Bhí aithne mhaith ag Donie ar an bhearach seo mar gur chaill sí gamhain agus choinnigh sé í ní b’fhaide ná mar bhí sé ag súil. Ba mhinic a chuala Danny a athair ag rá gur rith an bearach chuige thuas i Leifear chomh luath agus a labhair sé léithe. Mheas Donie fosta go ndearna na dlíodóirí iarracht é a chur ar seachrán mar gur glaodh ar ais air go bosca na fianaise cúpla uair le go bhfeicfeadh siad an mbeadh athrú ar aon chuid dá chuid fianaise. Ach cha raibh amhras ar bith ar Donie agus é faoi mhionna gurb a bhearach a bhí ann .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3