Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 4 Dáibhis, S Mac G. Chomhaill, C Mac Aodha, B Mac Fhionnlaoch, C Ó Dochartaigh, B Mac Nuadhat, S Mac G. Bhríde, S Ó Buaidhe, A Pasoma, S L Mac G. Bhríde, O Ó Buaidhe, C Ó Gall- chóir, B Mac G. Bhríde, L Ó Conchúr. Fir Ionaid: D Mac G. Bhríde, F. Mac Laifeartaigh, A Mac Laifeartaigh, G B Mac Laifeartaigh, S Mac Fhionnlaoich. Craobh Sóisir Uladh. Ard Mac Goilagain 0 - 10 Na Dúnaibh 1 - 9 . Chan go raibh craobh sóisir na Contae buaite acu ach bhí siad cáilithe do chraobh sóisir Chúige Uladh agus ina gcéad chluiche bhí siad in éadan buaiteoirí na craoibhe i nDóire agus ba sin Ard Mac Goilagain.Bhí lá mór ag bunadh Ros Goill i bPáirc na gCeilteach i nDoire Cholmcille ar an Domhnach an 30ú Deireadh Fómhair nuair a fuair siad an bhuaidh ar Ard Mac Goilagain le dhá phointe, rud a chuir iad fríd go dtí an cluiche leathcheannais de chomórtas idir chlubanna Chúige Uladh i ngrád na Sóisir. Bhí na foirne cothrom ag leath - am, 0 - 5 ag Mac Goilagain agus 1 — 2 ag na Dúnaibh. Throid na Dúnaibh go tréan sa dara leath agus is cinnte gurb iad an fhoireann ab fhearr sa leath seo agus bhí a mbuaidh tuillte go maith acu ag deireadh an chluiche. Ach caithfear cothrom na féinne a thabhairt do Mhac Goilagain mar nach raibh mórán idir na foirne go dtí na bomaití deireanacha. Bhí buaidh de dhá phointe ag na Dúnaibh, 0 — 10 ag Mac Goilagain agus 1 — 9 ag na Dúnaibh. Bhí moladh mór tuillte ag an fhoireann agus ag a mbainisteoir Andy Ó Conchúr. Bhí An Mullach Dubh as Muineacháin ag fanacht leo sa chluiche leathcheannais. Na Dúnaibh v An Mullach Dubh. Imríodh an cluiche leathcheannais idir na Dúnaibh agus an Mullach Dubh as Muineacháin ar an Domhnach an 13ú Samhain ar an Abhainn Bheag i gCo. Dhoire. Bhí P Mac Grodaí imithe go dtí an Astráil, D Mac G. Bhríde imithe ar ais go Boston agus bhí G.B Mac Laifeartaigh gortaithe. Char amharc An fhoireann a ghlac páirt i gCraobh Soísir Uladh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3