Guth Ghoill, Eagrán 53

Eagrán 53 2016 5 rudaí go rómhaith do na Dúnaibh. Bhí sé soiléir ón am a caitheadh isteach an liathróid go raibh roinnt tosaithe thar a bheith gasta ag an Mullach Dubh agus go gcaithfí súil a choinneáil orthu agus leoga ba sin mar a bhí. Bhí siad rud beag róghasta do chuid tacaithe na nDúnaibh agus bhí deacrachtaí ag na Dúnaibh an liathróid a fháil isteach chuig a gcuid tosaithe agus ba sa líne lánthosach a ba láidre a bhí na Dúnaibh. Ba sa dara ceathrú don chéad leath a bhain An Mullach Dubh an cluiche seo áit ar scóráil siad cúig phointe gan fhreagra le hiad a fhágáil sé phointe un tosaigh ag leatham, An Mullach Dubh 0 — 9 Na Dúnaibh 0 — 3. Cé go ndearna na Dúnaibh a ndícheall sa dara leath cha raibh fonn ar bith ar an Mullach Dubh an greim daingean a bhí acu ar an chluiche seo a scaoileadh agus chríochnaigh siad an cluiche agus seacht bpointe le spáráil. An Mullach Dubh 0 — 13 Na Dúnaibh 0 — 3 Ach caithfear creidiúint mhór a thabhairt do na Dúnaibh mar go raibh deacrachtaí móra acu a gcuid traenála a eagrú de thairbhe a gcuid peileadóirí a bheith scaipthe ó Shligeach go Leitir Ceanainn go Béal Feirste go dtí na Dúnaibh. Rinneadh an traenáil sna seachtainí deireanacha i mBun Crancha as siocar go raibh sé leathbealaigh nó cóngarach do leathbealaí ó na háiteacha a bhí a gcuid peileadóirí uilig ag obair nó ag staidéar iontu. Ben Mac Giolla Bhríde (Hughie) ar ruathar aonair suas taobh na páirce. Finghin Mac Laifeartaigh ag déanmh a bhealach isteach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3