Guth Ghoill, Eagrán 53
Eagrán 53 2016 7 Faoi 13 A. Bhí an mí - ádh ceart ar na Dúnaibh nár éirigh leo an chraobh Faoi - 13 A a bheith leo i mbliana. Bhí buaidh mhór acu in éadan Naomh Conaill na nGleanntach sa chluiche leath cheannais agus b ’ iad Aodh Ruadh Bhéal Átha Seannaigh a sheas idir iad fhéin agus an chraobh. Bhí coimhlint ghéar sa chluiche seo agus bhí na Dúnaibh pointe ‘ un tosaigh ag leatham. Throid an dá fhoireann go tréan agus cha raibh sé furasta de thairbhe na gcoinníollacha imeartha mar go raibh an aimsir Geimhriúil go maith. Ach b ’ iad Aodh Ruadh a tháinig fríd mar bhuaiteoirí agus trí phointe le spáráil acu. Aodh Ruadh 2 — 8 Na Dúnaibh 2 — 5. Ar cúl ó chlé:Siúin Uí Ghallchóir, (bainisteoir), Casey Ní Ghallchóir,Caoimhe Nic Giolla Bhríde,Brónach Ní Bhléinigh, Naoise Ní Dhúgáin, Erin Nic Giolla Bhríde, Amy Nic Lochlainn, Aohba Ní Ghallchóir, Nadine Ní Ghallchóir, Maria Nic Aoidh, Catharín Ní Shibhleán, Sinéad Nic Giolla Bhríde, Ciara Ní Chearnaigh, Lucy Ní Chonchúir, Séamus MacLochlainn agus Pól Mac Giolla Bhríde ( bainisteoirí). Chun tosaigh ó chlé:Aoibhinn Ní Chonaill, Áine Nic Rodaigh, Amy Nic Giolla Bhríde, Áine Ní Chonaill, Róise Ní Chearnaigh, Aobha Pasoma, Lisa Ní Dhugarach, Sionnain Ní Bhléinigh agus Chloe Haye. Seanfhocail Trí rud is deacra a thuiscint: Obair na mbeach, Teacht is imeacht na taoide, Intinn na mban. Trí shaghas bochtáin: Duine le toil Dé, Duine lena thoil féin, Duine bocht da mbeadh an saol ar fa fad aige.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3