Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 10 mhiste leat a dhul go dtí an Astráil.’ Shíl Mícheál gur ghlic an mhaise dó a theacht chuige agus an scéal a bhriseadh mar a rinne sé; mheas Míchéal go mbeadh sé chomh cliste leis fhéin agus d’fhiafraigh sé dó an raibh ‘g’ in Coun- ahan! Chan gur chuir sé isteach ar Mhícheál cá háit a gcuirfí é ach go díreach nár thaitin sé leis an dóigh a hinsíodh dó cá mbeadh a thriall. Ba seo in Ai- breán na bliana 1956. Turas go dtí an Astráil. Bhí an Astráil i lár na gcaogaidí i bhfad níos faide ar shiúl ná mar atá sí inniu. Thig an turas a dhéanamh sa lá atá inniu ann ar eitleán in corradh agus ceithre uaire fichead ach sna caogaidí ba turas loinge a bhí i gceist agus i gcás Mhícheáil de ba turas farraige cúig seachtaine a bhí ann. D’fhág Mícheál an mhainistir i mBaile Loch Riach agus gan ina phóca ach £10 agus bhí aige lena bhealach a dhéanamh thart ar an domhan, ó cheann amháin go dtí an ceann eile, féadaim a rá, ar dheich bpunt. Chaith sé tamall i Sráid Chlarendon i mBaile Atha Cliath ar an bhealach go dtí an Astráil agus mheas sé go raibh an sparánaí (bursar) a bhí ansin a sheachaint le linn na gcúpla lá a bhí sé ansin ar eagla go n-iarrfadh Mícheál cúpla punt air! Ar an mhaidin a d’fhág sé cha raibh duine ná deoraí thart fiú le slán a fhágáil aige ná le hádh a ghuí air. Nach ait a bhí an saol ag an am in ord na gCairmiléiteach ! D’fhág sé Sráid Clarendon leis fhéin agus cása in achan lámh agus shiúil sé go Westland Row áit a bhfuair sé traein a thug é amach go Dún Laoghaire agus fuair sé an bád as sin go Hollyhead. Ba seo an chéad uair dó a bheith amuigh as an tír agus mar a dúirt sé fhéin cha raibh taithí ar bith aige ar thaisteal ná ar an chóras iompar. Is dócha gur am- harc sé cineál caillte ag Hollyhead ach bhí fear as Corcaigh ar an bhád fosta agus d’aithin sé nach raibh Mícheál ró-chinnte do fhéin agus bhí sé mar threoraí ag Mícheál as sin go Londain.Nuair a shroich siad Londain chuir fear Chorcaigh Mí- cheál ar an traein cheart. Sheol Mícheál as Tilbury Docks ar an Thames ar long paisinéirí de chuid an P&O i mí Aibreán na bliana 1956. Bhí an tAthar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3