Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 11 Pól Sullivan, cara da chuid agus fear muinteartha leis Jimmy Phaidí Rua ansin le slán a fhágáil aige. Ar an drochuair do Mhícheál cha raibh sé i bhfad amach go dtí gur bualadh buille eile air. An chéad lá ar an long do mhothaigh sé sórt lag agus chuaigh sé chuig an dochtúir agus d’inis dochtúir na loinge dó go raibh an bhruitíneach (measles) ag briseadh amach air agus go gcaithfí é a chur ar coraintín (in quarantine). Ba le linn dó a bheith sa bhaile le slán a fhágáil ag a chairde agus ag a chuid daoine muinteartha a thóg sé an bhruitíneach. Cha raibh an bhruitíneach air mar thachrán rud a d’fhág é anois ar choraintín.Ba seo buille cruaidh d’fhear óg a bhí amuigh as an tír don chéad uair, é ag imeacht go dtí an Astráil ar long mhór agus go mbeadh air triúr de na cúig seachtaine a chaitheamh i seomra leis fhéin, go díreach mar a bheadh sé i bpríosún. Le cur lena mhíshuaimhneas bhí seomra an choraintín go díreach os cionn seafta eiteogaí (propeller shaft) na loinge agus d’fhág seo gur chorrach go leor an codladh a bhí sé a fháil. Mar a dúirt sé fhéin, ‘ My Meditarean cruise was ruined’. Chuaigh an long fríd an Mheán Mhuir, fríd chanáil Suez agus isteach sa Mhuir Dhearg agus ar aghaidh go dtí an Mhuir Indiach. B’í an long deireanach a chuaigh fríd canáil Suez sular dhruid Nasser, uachtarán na hÉigipte an canáil i 1956. Bhuail siad isteach sa Ghréig agus iad ar a mbealach fríd an Mheán Mhuir agus thug siad imircigh ar bord, a lán páistí fosta. Bhíodh páistí ag rátáil thart ó cheann ceann na loinge agus ‘sé an eagla a bhí ar an dochtúir ná go spréifeadh an bhruitíneach ar fud na loinge. Chan fhuair Mícheál amach as an choraintín go dtí gur shroich siad cathair Bombay san Ind agus ba sin corradh agus trí seachtaine den turas. Is cinnte go raibh áthas an domhain air a bheith ar ais sa tsaol. Ar aghaidh leo ansin agus síos leo cósta thiar na hAstráile áit ar stop siad ag Perth. Chuaigh siad i dtír ansin agus chas sé leis an tAth. Henry. Thug sé Micheál amach timpeall an cheantair ar thuras ina charr ach bhí sé ar thi- ománaí chomh holc sin gur inis Mícheál dó go raibh an long ag fágáil ag am níos luaithe ná mar bhí sí sa dóigh go bhfág- fadh sé é ar ais ag an long! Ar aghaidh leo ansin go Melbourne agus is cosúil go raibh an scéala acu ansin go raibh sé ar an bhealach mar go Ar bhainis James & Teresa Coyle sa bhliain 1956
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3