Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 12 raibh dinnéar ceann bliana Chumann Dhún na nGall i Melbourne ar siúl an oíche a shroich sé an chathair agus bhí sé socraithe ag an choiste go mbeadh sé mar aoispeisialta acu. Chas sé le cuid mhór daoine óna chontae dhúchais an oíche sin agus leoga daoine as an cheantar seo a raibh aithne mhaith aige orthu, a leithéidí John Mc Ginley as an Ghleann Ard, John Boyce as an Ghleann agus Sophia Sweeney (deirfiúr le James Sweeney, a raibh cónaí air faoi Theach a’ Phobail), bhí Sophia ina chuideachta le linn dó a bheith ar Scoil Charraig Airt. Bhí an-oíche aige an oíche sin. Bhí sagart ansin, an tAth Neil Boyle, bheadh sé ina nia (nephew) ag an Canon Boyle a bhí ina shagart paróiste anseo tráth den tsaol. Thug an sagart seo Mícheál thart fríd an chathair agus chan amháin sin ach thug sé é le té a bheith aige le hArdeaspag Melbourne, an fear cáiliúil sin Daniel Mannix, fear as Corcaigh a bhí ina Ardeaspag ar Melbourne ar feadh sé bliana is daichead. Bhí cáil mhór ar an fhear seo ar fud an domhain, cha raibh sé ariamh ró-fhada ar shiúl ó achrann ná conspóid ach bhí ardmheas ar fad ag Gaeil Mhelbourne air. Tharraing an long isteach go Sydney fosta agus chaith sé cúpla lá ansin agus chas sé le sagart óg eile ansin, an tAth Ó Dálaigh. Ba seo fear a bhí ar an mheánscoil leis i gCorcaigh agus bhí sé anois ag obair i ndeoise Sydney. Brisbane. Sa deireadh thiar thall rinne Mícheál a bhealach go Brisbane. Anseo bhí teach pobail agus teach ina dtabharfadh siad cúrsaí spioradálta (retreats). Comh maith le bheith ag tabhairt cúrsaí spioradálta bhí na gnáth dhualgais eile air — ag léamh an aifrinn, ag éisteacht faoistine agus ag tabhairt cuairte ar dhaoine. Bhí sé i Brisbane ocht mbliana sula bhfuair sé na bhaile. Sin an dóigh a raibh sé sna blianta sin, bhí turas fada go dtí an Astráil agus bhí sé costasach agus mar sin de nuair a bhí tú ann d’fhan tú ann -- tréimhse fada de bhlianta. Cha raibh na heitleáin ach ag toiseacht ar na turasanna fada. Nuair a An radharc ab ansa leis ar an bhealach na bhaile. Barr Loch ‘ s Alt.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3