Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 13 chuirfeadh ord naofa macasamhail na Cairmiléitigh thú i bhfad ó bhaile bhí- othas ag súil go bhfanfá ann roint maith blianta. A Chéad Thuras ‘na Bhaile. Nuair a bhí a thréimhse ocht mbliana curtha isteach ag Mícheál bhí air scríobh ansin chuig an phroibhinseal le cead a fháil a theacht na bhaile. Bhí cuimhne aige gur scríobh sé ina litir, ‘May I soon see my Irish hills again.’ Agus cha bheadh sé i bhfad go bhfeicfeadh. Bhí cuimhne mhaith aige ar an lá a fuair sé an dea- scéala sin, dúirt sé nach dtiocfadh leis focla a fháil le cur síos ceart a dhéanamh ar an dóigh a mhothaigh sé. Mar a dúirt sé fhéin: ‘God, was I excited, I sang around the house all day. It was such a marvellous feeling’. Ba seo an bhliain 1964. Bhí cuireadh faighte aige roimhe sin ó Mhandy Gallchóir agus óna bhean Máire fanacht acusan nuair a thiocfadh sé ‘na bhaile mar nach raibh duine ar bith anois ina theach fhéin. Bhí sé thar a bheith buíoch ar a shon seo mar nach raibh feidhm aige a bheith ag cur buairimh ar fhéin anois ag cuartú lóistín. Bhí siad thar a bheith maith dó agus ba seo an lóistín a bhí aige i gcónaí ina dhiaidh sin am ar bith a dtiocfadh sé ‘na bhaile. Tháinig sé fríd Mheiriceá ar an bhealach ‘na bhaile mar gur mhaith leis bualadh lena chuid daoine muinteartha i Philadelphia agus dar ndóigh bhí siad uilig ag feitheamh leis ansin. Bhí scaifte mór as paróiste Mhíobhaigh i Philadelphia san am sin agus tháinig siad uilig le chéile nuair a shroich sé Philadelphia agus bhí ‘party’ mór acu. Dar ndóigh bhí aithne aige ar chuid mhór de na daoine a casadh air ansin.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3