Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 14 Bhí suíochán fuinneoige aige ar an eitleán isteach ‘na Sionainne agus b’é an chéad rud a thug sé faoi deara agus iad ag tuirlingt ná na páirceanna glasa, bhí siad donn go maith fán Astráil. Bhí Mandaí Gallchóir ag an tSionainn roimhe agus ar a mbealach ‘na bhaile tháinig sé bealach Loch ‘s Alt, seo an bealach a thiocfadh sé i gcónaí agus é ag teacht ‘na bhaile. Thaitin an radharc iontach leis nuair a thiocfadh sé go barr Loch ‘a Alt, an ceantar álainn uilig spréite amach roimhe. Sé mhí de laetha saoire a bhí aige agus thug seo deis iontach dó am a chaitheamh lena chuid daoine muinteartha agus lena chairde. Ach arís tháinig an tAth. Mac Giolla Choinnigh isteach ina shaol. Dúirt sé le Mícheál le linn dó a bheith sa bhaile ar laetha saoire go raibh na Cairmiléi- tigh chun mainistir úr a thógáil i New South Wales, taobh amuigh de chathair Sydney agus go raibh seisean le bheith ceaptha mar uachtarán (superior) ar an mhainistir úr. Nuair a rachadh Mícheál ar ais go dtí an Astráil is go dtí ceantar taobh amuigh de Sydney a bheadh sé ag dul agus bheadh air mainsitir úr a chur ar bun. Ach char tugadh airgead ar bith dó leis an phlean seo a chur bhfeidhm, cha raibh aige ach na trí chéad acra talaimh a bhí ag na Cairmiléitigh sa cheantar ina raibh an mhainistir le bheith tógtha ann. Varroville an t-ainm a bhí ar an áit. Sydney — New South Wales. Chuaigh Mícheál ar ais go dtí an Astráil, go Sydney an iarraidh seo. Cha raibh i bhfad gur chuir sé aithne ar an phobal Caitliceach ansin agus rinne sé cairdeas le fear amháin, mar a dúirt sé fhéin, an cara is fearr a bhí aige ariamh agus ba seo an fear a chuidigh leis a dhul i mbun a chuid oibre. Lebanese a bhí san fhear seo agus bhí sé iontach saibhir ach chomh maith le bheith saibhir bhí sé ina chaitliceach díograiseach. Nuair a bhí an fear gnó seo dhá bhliain agus fiche bhí sé briste agus dúirt sé leis an Tiarna dá n-amharcfadh Sé ina dhiaidh go rachadh sé ‘un Aifrinn achan mhaidin dá shaol. Nuair a chuir Mícheál aithne air bhí sé ina mhilliúnaí agus d’fhreastal sé ar an Aifreann achan mhaidin. Nuair a thosaigh Mícheál ag pleanáil don Mhainistir úr d’iarr sé ar Mhícheál a dhul isteach chuig an bhainisteoir bainc agus iasacht a shocrú. Dar ndóigh cha raibh taithí ag Mícheál ariamh ar a bheith ag deileáil le cúrsaí airgid ná le bancanna ach thug sé cuairt ar an bhanc ar aon nós mar go raibh iasacht a dhíth. Thosaigh an bainiste- An 4 ball i N.S.W
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3