Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 15 oir a cheistiú maidir leis an mha- oin a bhí aige agus d’inis Mícheál do go raibh 300 acra d’fheirm acu. D’iarr an bainisteoir ar Mhícheál imeacht agus fáil amach an raibh maoin ar bith eile aige agus feiceáil cén dóigh a raibh sé chun an iasacht seo a dhíol ar ais, iasacht de $50,000 a bhí i gceist agus is cinnte gur suim mhór airgid a bhí ansin i 1965. Chuir Mícheál glaoch ar a chara agus dúirt sé le Mícheál toiseacht ar an phleanáil agus go n-amharcfadh seisean i ndiaidh an bhainc. Fu- air a chara an iasacht ón bhanc agus lena chois sin chuaigh sé i mbannaí air . Dar ndóigh thóg seo ualach mór de ghualainneacha Mhícheáil agus cuireadh tús leis an tógáil. Ach bhí feirm le reáchtáil fosta, bhí 360 acra acu.Bhí an talamh ag brath cuid mhór ar an fhearthainn, dá dtiocfadh an fhearthainn bheadh achan rud go breá ach muna dtiocfadh bheadh siad i mbuaireamh. Bhí dhá thriomach (drought) acu le linn na tréimhse a chaith sé ansin. Ceantar mór déiríochta a bhí sa cheantar ina raibh sé agus cheannaíodh siadsan gamhna de phór freisian agus ansin nuair a d’fhásadh siad agus nuair a bhíodh gamhna acu bhéarfaí na gamhna go dtí an margadh agus dhíolfaí iad. Ach coinníodh cuid de na gamhna ar an fheirm fosta agus rith siad leis an bhó go dtí go mbeadh siad ocht mí nó mar sin agus ansin dhíolfaí iad fá choinne a gcuid feola mar go raibh éileamh mór ar laofheoil(veal). Mheasc siad an pór idir Freisian agus Hereford sa dóigh is go mbeadh gamhna acu a bhféadfaí a dhíol fa choinne a gcuid bainne nó a gcuid feola. Bhí cara aige a cheannaíodh tairbh ghinealaigh (pedigree bulls) dó. Nuair a bhí siad ag tógáil na mainistreach dúirt an ceann urraidh leis lá amháin go raibh a lán brící fágtha thart, go dtiocfadh leo cró muice a thógáil leo agus muca a choinneáil ar an bhia a bhíonn fágtha thart achan lá. Sin mar a rinneadh ach d’fhás an togra beag seo go dtí go raibh céad cráin mhuice acu agus muclach (piggery) breá nua-aimseartha. Nuair a chuir mé ceist ar Mhícheál an raibh a fhios aige mórán faoi chúrsaí feirmeoireachta nuair a thug sé faoi obair fheirme mar seo agus mar fhreagra rinne sé a sháith gáirí agus arsa seisean: ‘ cha raibh a fhios agam a dhath fá fheirmeoireacht’. Caith- fear coinneáil i gcuimhne go raibh Micheál agus a chomrádaithe ag tabhairt cú- rsaí spioradálta ( retreats) agus ag déanamh obair mhisinéireachta le linn don obair feirmeoireachta a bheith ar siúl acu. Lean chois sin ba ghnách leis madaí a phórú ( breed), blue heelers a bhí iontu, seo madaí eallach san Astráil. An áit a thóg sé i Varroville

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3