Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 16 Le linn do Mhícheál a bheith ag dul don fheirmeoireacht chuir sé aithne ar fheirmeoir mór thuas i Queensland, Herbie Bauer, agus ba seo cara mór eile a bhí aige amuigh ansin. Bhí sé thar a bheith éifeachtach mar fheirmeoir agus thar a bheith flaithiúil le Mícheál. Ba bhean de shloinneadh Madden as Co. Luimneach a bhí mar mháthair aige agus ba Gearmánach a bhí ina athair. Le linn den triomach (drought) a bheith acu chuir an feirmeoir seo 4,000 bale féir anuas chuige ar leantóir mór an bealach ar fad as Queensland go Sydney. ‘Sé an luach a bhí ar ‘bale’ féir acu seo ag an am ná deich dollar ach cha raibh feidhm aige leathphingin a thabhairt dó orthu. Rinne sé seo dhá uair le linn dóbhtha a bheith i mbuaireamh leis an triomach. Ba seo an cara céanna a cheannaíodh na tairbh ghinealaigh dó agus a chuireadh iad anuas chuig Mícheál ar an traein. Mar a luaigh mé tamall ó shin bhí Mícheál ag pórú madaí eallach fosta, sin na blue heelers agus chuir sé ceann acu suas chuig Herbie. Bhí an madadh chomh traenáilte sin aige gur dheamhan i bhfad go raibh feirmeoirí eile i Queensland ag iarraidh na madaí seo a bhí sé ag pórú. Ba ghnách leis na ‘blue heelers’ a chur suas chuig Herbie ar eitleán agus dhíoladh Herbie iad le feirmeoirí eile. Cé shílfeadh go dtiocfadh ‘entrepreneur’ dá leithéid amach as an pharóiste. Bhí cuimhne aige a bheith amuigh tráthnóna amháin ag tabhairt bidh dá chuid muc agus an tráthnóna céanna sin ag tabhairt searmanas faoin mac drabhlasach. (the prodigal son). Brisbane agus Perth. Nuair a bhí a chuid oibre déanta agus críochnaithe ag Mícheál i Sydney

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3