Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 17 cuireadh é go Brisbane arís i 1969 agus bhí sé ansin go dtí an bhliain 1972 nuair a h- aistríodh é go Perth. Bhí dúil mhór aige i Perth mar go raibh aithne mhaith aige ar na sagairt ansin. Bhí paróiste aige in Perth, paróiste mhór ina raibh cúig shagart Cairmilíteach eile. Bhí sé ansin ar feadh naoi mbliana, seisear acu seo mar shagart paróiste. Cha raibh mórán de dhifríocht idir na háiteacha san Astráil inár oibrigh sé ach amháin gur shíl sé go raibh na daoine i Perth thar a bheith cairdiúil. Bhí neart Éireannach i Perth, rinne cuid mhaith acu saol dóbhtha fhéin ansin i ndiaidh an chogaidh. Bhí neart Caitliceach de bhunadh Éireannach ansin fosta mar a bhí sna háiteachta eile san Astráil inár chaith sé a chuid ama. Nuair a bhí tréimhse naoi mbliana curtha isteach aige i Perth cuireadh é ar ais go Varroville, go dtí an áit inár thóg sé an Mhainistir. Bhí sé ina Uachtarán Áitiúil anseo anois agus rinneadh Uachtarán Réigiúnach dó sa bhliain 1988. I ndiaidh dó trí bliana déag a bheith caite aige i Varroville thug sé aghaidh ar an bhaile don uair dheireannach, ba seo sa bhliain 1994. Bhí páirt mhór dá sha- ol caite aige san Astráil, dhá bhliain goirid ar dhaichead bliain. Is go Sráid Clarendon i mBaile Atha Cliath a chuaigh Mícheál ar philleadh dó ón Astráil agus is ansin atá sé go fóill, tá sé i dTeach Pobail Naomh Treasa ar an tsráid sin agus dúil mhór aige san áit. An tAthair Mícheál agus an Gailf. Mar a chonaic muid ag tús a scéil ba fear a bhí ann a raibh dúil aige i spórt agus d’éirigh leis a bheith ar fhoirann iománaíochta agus peile an Choláiste i mBaile na Martra. Bhuel bhí cluichí eile ar chuir sé suim iontu fosta. Bhí suim mhór aige i Squash agus ba ghnách leis cluichí móra a eagrú le cara dá chuid as Béal Feirste sa Celtic Club i Perth, ba seo club na nÉireanach i Perth. Bhíodh na cluichí seo idir an péire acu thar a bheith iomaíoch (competitive) mar gur sin an cineál duine a bhí ann. Ach an tráthnóna áirithe seo agus coimhlint ghéar idir an bheirt acu i gceann de na cluichí seo mhothaigh Micheál go raibh an cluiche ag baint a chuid fhéin agus tuilleadh as agus go raibh na blianta ag baint uaidh fosta. Ina dhiaidh seo thosaigh sé ag smaoineadh ar cad é thiocfadh leis imirt agus é ina sheanduine agus thuig sé nach raibh a dhath fána choinne anois ach an gailf.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3