Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 18 Bhí tús curtha aige leis an ghailf nuair a bhí sé i Brisbane.Dúirt bean leis a bhí i gcór (choir) Theach a’ Phobail go dtaispeánfadh a deartháir dó an dóigh le gailf a imirt. Thug an fear seo, Ted Harvey, Micheál amach go dtí an chumann gailf agus thosaigh siad a chleachtadh. I ndiaidh cúpla cleachtadh a bheith déanta aige dúirt sé le Mícheál nach ndéanfadh sé galfaire a choíche, seo de thairbhe go raibh Micheál ag luascadh a bhata gailf go díreach mar dhéanfadh sé le camán. Ach d’fhan Mícheál leis agus dheamhan i bhfad go raibh sé ag teacht ar aghaidh go maith. Ach rinne sé dianchleachtadh ar a chuid fhéin agus dúirt sé le Ted lá amháin go dtiocfadh sé ar ais lá éigin agus go mbuailfeadh sé é ag an ghailf. Agus sin go díreach an rud a tharla agus thaispeáin sé arís cad é chomh iomaíoch agus a bhí sé. Nuair a chuaigh sé go Perth d’imir sé gailf achan Deardaoin, bhí a chroí istigh sa chluiche. Thug sé deis dó fáil amach faoin spéir agus fosta ba dóigh iontach a bhí ann castáil le daoine. Nuair a bhíodh sé fá bhaile d’imir sé cuid mhór le Ruaidhrí Sophie Logue ( Ó Gallchóir), Charlie Mhuirleog ( Mac Laifeartaigh), Charlie Hughie ( Mac Giolla Bhríde) agus Eugene Sheeran. Théadh siad, nuair a bhíodh sé ar laethanta saoire, chuig na comórtaisí foscailte uilig ó cheann ceann na Contae. Áiteacha eile. Le linn do Mhícheál a bheith san Astráil d’éirigh leis cuid mhaith den tír a fheiceáil mar go mbíodh air cúrsaí spioradálta a thabhairt ar fud na tíre agus taobh amuigh de. Bhí sé i Brisbane, Adelaide,Perth, Papua New Guinea, Tasmania agus fiú sa Nua Shéalainn. Tá Papua New Guinea amach ó chósta thuaidh na hAstráile. Bhí cuimhne Ag amharc síos ar Dhún Mor

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3