Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 19 mhaith aige ar a chéad thuras go Yule Is. i Papua New Guinea le cúrsa spi- oradálta a thabhairt, mar go dearn na ‘ mosquitoes ’ é a ionnsaí ar a chéad oíche dó a bheith ansin. B’é an toradh a bhí ar seo ná go bhfuair sé malaria, ba ghnách leis na creathanna fuachta é a bhuaileadh ach fuair sé thairis ach thagadh sé arais ó am go ham. Am eile bhí sé ag tabhairt cúrsa spioradálta ar Papua New Guinea do mhná rialta as Ord an Chroí Ró-Naofa, ba mhisinéirí a bhí iontu.An chéad tráthnóna dó a bheith ansin chuala sé ceol álainn ag teacht isteach ar fhuinneog a sheom- ra, duine éigin ag ceol ‘It’s a long way to Tipperary’ agus nuair a d’amharc sé amach ar an fhuinneog go bhfeicfeadh sé cé a bhí ag ceol chonaic sé gur fear gorm a bhí a cheol. Maidin lá arna mhárach hinsíodh dó gur bean rialta as Luimneach a d’fhoghlaim an t -amhrán dó. Is cinnte gur turas fada a bhí ann don bhean rialta áirithe seo mar go raibh sí i Papua New Guinea ar feadh trí fichid bliain agus chan fhuair sí na bhaile ariamh. Ba seo an dóigh a bhí sé san ord seo. Bhí sé i Tasmania minic go leor ach d’fhág Port Arthur i gcónaí é faoi ghruaim agus in isle brí, seo de thairbhe an dóigh a caitheamh leosan a bhí i ngéibheann. Thaisteal sé ar thraein ó Perth go Sydney, turas atá 4,000 km. D’fhág sé fhéin agus cara leis Perth maidin Dé Domhnaigh agus bhí siad in Sydney ar an Sathairn. Ach char thaisteal siad le linn na hoíche mar go raibh sé contúir- teach de thairbhe go dtarraingeodh na soilse na kangaroos. D’fhan siad i dtithe lóistín agus bhíodh siad ar an bhealach arís i dtrátha a sé a chlog ar É fhéin agus Mary Mandy. D ’ fhan sé i gcónaí ag Mandy agus a bhean Mary. D ’ amharc siad ina dhiaidh go maith.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3