Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 2 Rugadh an tAth. Micheal Brown i nDún Mór ar an chéad lá de Mheitheamh 1928. Téann tú fríd baile fearainn Dhún Mór agus tú ar an bhealach go dtí an Gleann. Da- oine a raibh cleachtadh acu a bheith ag dul ‘na phor- taigh blianta ó shin bhí bealach suas thar a theach a d’úsáid daoine mar aicearra agus iad ar a mbealach go Mi- anach Umha – seo suas ag tigh Jimí Jim. Gréasaí a bhí ina athair Jimmy agus bhí sé pósta ar Hannah Nic Giolla Bhríde, (Hannah Jímí Choirnín) as Gort na Bráid. Bhí ceathrar clainne ag Jimmy agus ag Hannah – Patrick, James, Mícheál agus an duine ab óige sin Bridget. Tá an chuid eile den chlann ar shlí na fírinne anois, fuair James bás nuair nach raibh sé ach scór bliain d’aois, d’imigh Patrick go Glaschú; d’oibrigh Bridget in Óstán Rosapenna ar feadh tréimhse, ansin d’imigh sí go hAlbain fosta agus pósadh í ar Mick Lynagh as Gort na Bráid. Bhí beirt dheirfiúr agus deartháir lena athair sna Stáit Aontaithe agus bhí aintín lena athair a raibh Nóra uirthi pósta i mBaile na Deora ar fhear de bhunadh Mhic Lochlainn. Ach bhí clann mhór ar thaobh na máthrach, bhí triúr uncail agus seisear aintín aige: bhí Doimnic pósta i nGleann Cheo, Jimmy i nGort na Bráid, Hughie i nDún Dealgán, Madgie in Easán Dubh, Máire i gCarraic, Neans i dTír Leathan, Katie ( Bn Uí Chuilinn ) i nGort na Bráid, Mag- gie (Bn Mhic Giolla Bhríde) i nDuibhlinn Riach, agus Ellen nach raibh pósta. Chaith sise am fada mar chócaire in Óstán na Trá sna Dúnaibh. D’fhág seo go raibh go leor áiteacha aige le cuairt a thabhairt orthu nuair a bhíodh sé ar laethanta saoire agus bhí siad uilig thar a bheith maith dó. Bás a Mháthrach. Nuair a bhí Mícheál cúig bliana d’aois fuair a mháthair bás, bhí Mícheál ar an scoil ag an am. Chan achan pháiste a bhíonn ag briseadh amach le fáil ‘na scoile ach sin mar a bhí sé leisean. Nuair nach raibh sé ach trí bliana d’aois ba ghnách leis a chuid deartháireacha a leanstan ‘na scoile achan mhaidin síos go Scoil Charraig Airt ( ag Bochuinní) agus de thairbhe go raibh a mháthair ag éagaoineadh, thug Mrs Mc Grath, a bhí ag teagasc sa scoil ag an am, é isteach. Choinníodh sí é i seomra na naíonán go dtí go mbeadh a chuid deartháireacha ag dul ‘na bhaile ag a trí. Ba mhór an gar a bhí anseo agus b’acht carthannachta a bhí ann dar ndóigh mar go dtabharfadh sé roinnt faoisimh dá mháthair i rith

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3