Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 20 An tAthair Mícheál sa Bhaile. Mothaíonn tú ó bheith ag caint le Fr. Micheal Brown go bhfuil sé sona sásta ann fhéin agus gur bhain sé, agus go bhfuil sé go fóill ag baint sásamh mór as a shaol mar shagart.Cuireadh an síol ina aigne go luath agus é ina ghasúr agus is cinnte gur lean sé a mhian. Cé nár thaitin sé leis an dóigh a hiarradh air aghaidh a thabhairt ar an Astráil an chéad lá sin i mBaile Loch Riach is cinnte go dtugann sé sásamh intinne dó anois agus gur ábhar bróid dó an méid a d’éirigh leis a dhéanamh agus a tha- bhairt chun críche ar an taobh eile den domhan. Cé go bhfuil sé buailte leis na deich mbliana agus ceithre scór tá intinn ghéar aige i gcónaí agus cuimhní soiléire aige atá ag dul siar go laethanta a óige. Thuigfeá ó bheith ag caint leis go rachadh a phearsantacht go mór i gcion ar a phobal agus go raibh an neamhspléachas arbh éigean dó a chothú ina óige ar cheann de na tréithe a thiomáin é níos moille ina shaol. Bhain mé taitneamh iontach as na huaireanta a chaith mé ina chuideachta i Sráid Chlarendon agus é ag cur síos ar a thuras agus ar a shaol ón Dún Mór go dtí an Astráil agus ar ais go Baile Átha Cliath. Bhí sciar mór de bhrón aige i luathbhlianta a shaoil ach d’éirigh leis aghaidh a thabhairt ar an ualach seo chomh maith agus thiocfadh leis agus níl amhras ar bith ná go raibh an comhrá agus an seanchas a bhí againn lán de ghreann. Tá spiorad iontach ann. Go bhfeice sé an céad agus tuilleadh. Mícheal ós comhair na haltóra i dteach Pobail Naomh Treasa i Sráid Clarendon
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3