Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 22 Ansin bhí mórán rudaí eile ag baint leis an Mhárta chomh maith le aimsir, rudaí ag baint le sláinte na ndaoine. Tá mé cinnte go bhfaca daoine iad fhéin agus tá sé ag dul go dtí an lá inniu, na daoine seo a ólas an bachrán i rith Mhí an Mhárta. Tá an bachrán seo ag fás ins na locha beaga. Tarraingíonn siad é, bruitheann siad é agus cuireann siad an sú i mbuidéal. Cuid acu a chuireas braon beag rum air agus tá cuimhne agamsa, bhí liocáras ann am amháin a dtabharfadh siad liocáras dubh air agus chuirfeadh siad na nithe seo uilig sa bhui- déal seo agus d’ólfadh siad lán gloinne de chuile mhaidin. Ba léar dóbhtha nach raibh rud ar bith ar an tsaol ab fhearr leis an fhuil a ghlanadh ná sú an bhachráin seo. Ag caint faoi chúrsaí aimsire bhain muidinne i dTeidhleann úsáid as an fhocal uair níos minicí ná an focal aimsir agus muid ag cur síos ar an aimsir-- tá uair (aimsir) mhaith air, nach breá an uair (aimsir) í agus nuair a athrós an uair (aimsir). Tá mé meas go bhfuil sin acu i gCo. Mhuigheó chomh maith, áit atá thall os ár gcoinne ar an taobh eile de Bháigh Dhún na nGall. Cha raibh sé coitianta fán chuid eile den Chontae seo, is fíor annamh a chuala mé daoine thart anseo i nGort a’ Choirce ag trácht ar an uair — aimsir is gnách a bheith acu anseo. Cúpla seanfhocal a bhain leis an aimsir: Tá an uair ar na cláraí ar fad le cúpla lá — tá an aimsir ag dul ‘un donais le cúpla lá. Tá an uair ‘na suí ar a tóin inniu— nuair a bhíonn bun leis an aimsir, tá cosúlacht ar an aimsir mhaith go mairfidh sí. Tá sé déanamh siocáin an locháin bháin anocht — Tá sé déanamh siocáin nach maireann i bhfad, siocán nach mbíonn bun ar bith air, siocán di- abhalta a dtiocfaidh milleadh air gan mhoill agus a mbeidh gaoth mhór agus

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3