Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 23 doineann ins na sála aige. Siocán ag tús na hoíche agus gaoth mhór roimh an mhai- din. Is fuar an oíche anocht ag pógadh na gcupán ---- an cineál oíche a rachfá is- teach ‘na leapa muna mbeadh teas agat agus chuirfeá do ghlúine suas go dtí do smig agat. Bheifeá chomh cruinn le ceairtlín sa leaba agus ag casadh an éadaigh thart ort ag iarraidh thú fhéin a théamh. De ghnách oíche chruaidh shiocáin dhéanfá thú fhéin a chrupadh suas. Luí na spúnóg : Ní raibh baint ar bith ag an fhuacht le seo. Ach go minic nuair nach mbeadh go leor fairsinge i dteach agus b’fhéidir go mbeadh triúr in aon leaba amháin, chaith- feadh siad luí in aice a chéile agus a n-aghaidh an bealach amháin agus ba sin luí na spúnóg, ag luí isteach le chéile. Is cuimhin liom sa tseanam gur mhinic a b’éigeán do iascairí, cur i gcás, luí den tsórt sin a dhéanamh. Cuir i gcás iascairí as Teidhleann a bhíodh i Málainn Bhig, chaithfeadh siad a theacht isteach le doineann agus ní bheadh go leor leapacha lena gcur a luí ann agus bfhéidir go gcuirfí triúr acu isteach i leabaidh amháin. Chaithfeadh siad luí na spúnóige a dhéanamh. Tá mise ag insint duitse gur dhoiligh mórán codlata a dhéanamh nuair atá luí na spúnóige ar dhaoine. An chloch ghéar: Chuaigh an chloch ghéar i dtalamh inniu : Deir siad sin fá mhí na Samhna, an chéad lá de mhí na Samhna, ‘sé sin is dócha gur clocha sneachta atá i gceist ansin. Nuair a théid an chloch ghéar i dtalamh bítear ag súil leis an aimsir fhuar as sin amach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3