Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 24 Cá bhfuil an sneachta mór a bhí ann anuraidh? Nuair a imeos rud inteacht agus nach bhfuil fáil air cosúil mar a imeos an sneachta den chnoc. Is cuma caidé’n doimhne atá ann ná caidé’n trom atá ann nuair a thiocfas an Samhradh nó an aimsir mhaith imeoidh sé agus níl sé le fáil níos mó. Tá sé mar a gcéanna ansin le rathúnas ar bith a bhíodh ag daoine nó ag duine agus é bheith caillte nó imithe, bhainfí feidhm as an leagán cainte sin – cá bhfuil an sneachta mór, cá bhfuil an rud seo a bhí ann anuraidh? Tá an ghrian ‘na túirne mhór inniu: Sin leagan cainte fán aimsir a raibh an-suim ag daoine, go háirithe iascairí, ann. Bhí an ghrian cruinn cosúil le roth agus bhí na spící seo suas aisti cosúil le spócaí túirne. Ba sin an- drochchomhartha go brách ar an aimsir. Mionna na Cloigne. Bhí sé an-suimiúil an méid a bhí ag Seán Ó hEochaidh le rá fa- oi mhionna na cloigne. Seo an méid a bhí le rá aige faoi: ‘Ins an tseanam is cosúil, in áit mionna an leabhair a bheir sinne sa chúirt inniu bhí mionna acusan a dtabharfadh siad mionna na cloigne air agus ‘sé an rud a bhí i mionna na cloigne ná nuair a dhé- anfadh duine rud inteacht as bealach nó nuair a bhriseadh sé an dlí a bhíodh ann san am agus nuair a bhéarfaí an duine seo os comhair an bhreithimh, in áit mionna an leabhair a thabhairt chaithfeadh sé mionna na cloigne a thabhairt. ‘Sé an rud a bhí sa chloigeann seo ná blaosc duine a thógfaí as an reilig. Agus le cois a bheith ‘na bhlaosc chaithfeadh blaosc an fhir seo, cibé é fhéin, clú a bheith air gur fear ionraice dóighiúil a bhí ann nach raibh rud ar bith bith le rá faoi, ansin bhéarfadh siad an bhlaosc sin ‘na cúirte. Bhí dlí an docht ag baint leis, go gcaithfí i gcónaí an bhlaosc seo a chur ar ais san áit a bhfuarthas é ar an bhomaite a mbeadh duine réidh léithe.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3