Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 25 Comhgháirdeachas mór leis na mná sa phictiúr seo. Fuair siad bhuaidh ar an Chlochán Liath leis an scór 6 - 6 le 4 - 9 i gcomórtas Peile na Gaeltachta a h - inríodh sna Dúnaibh ar an Domhnach 26ú Márta. Seo bliain mhór do mhná na nDúnaibh – tá foireann peile Sinsir sa chlub don chéad uair le blianta fada. Thosaigh na mná ag traenáil i lár Mí Eanáir faoi bhainistíocht Sheáin Mhic Giolla Bhríde agus Phóil Mhic Giolla Bhríde. Bíonn thart fá fiche bean óg ag traenáil achan oíche Chéadaoin agus ar maidin Dé Sathairn. Beidh a gcéad chluiche acu ar an Domhnach an 19ú Márta agus tá súil againn go mbeidh tacaíocht mhór ó phobal na háite don fhoireann bhreá seo. Tá CLG Na nDúnaibh i mbun forbairtí móra ina gcuid ullmhúchán do Chomórtas Peile na Gaeltachta a bheas ar siúl anseo sna Dúnaibh le linn deireadh seachtaine na Cincíse 2018. Tosóidh an comórtas tráthnóna Dé hAoine agus críochnóidh sé leis na cluichí ceannais ar an Luan. Beidh dhá chomórtas ann do na fir, sinsear agus sóisear agus beidh tuairim is fiche foireann ar fad páirteach sa dá chomórtas seo. Beidh foirne anseo ó Ghaeltachtaí sna contaethe seo a leanas: Dún na nGall, Muigheó, Gaillimh, Ciarraí, Corcaí, Port Láirge, An Mhí, comh maith le foireann ó Bhéal Feirste, ó Bhaile Atha Cliath agus as Londain. Cé nach bhfuil comórtas na mBan mar pháirt oifigiúil do Chomórtas Peile na Gaeltachta tá comórtas a eagrú d ’ fhoirne na mBan le roinnt blianta agus bíonn tuairim is deich bhfoireann ban páirteach sa chomórtas seo anois. Ar cúl ó chlé: Seán Mac Giolla Chomhaill agus Pól Mac Giolla Bhríde, Bainisteoirí Cúnta; N. Nic Lai- feartaigh, C. Uí Dhochtartaigh, E. NI Bhuaidhe, K Ní Ghabhagáin, N. Nic Fhionnlaoch, M. Nic Aodha, K. Nic Anraoi, B. Ní Ghallchoir, E. Ní Threartaigh, S. Nic Giolla Bhríde, D. Nic Mennamin, S. Nic Rodaigh, S Mac Giolla Bhríde, Bainisteoir. ‘ ún tosaigh: Nic Giolla Chomaill, L. Nic Giolla Bhríde, S. Nic Uigín, K. Nic Íomhair, M. Nic Aodha, J. Ní Threartaigh, C. Nic Giolla Bhríde, S. Ní Ghallchóir, C. Ní Shiadhail, N. Ní Chonghaile, T Roberts.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3