Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 26 Tarraingíonn an comórtas seo corradh agus cúig mhíle duine isteach i cibé ceantar a bhíonn a reáchtáil. Bhí an comórtas i mBaile Bhúirne i gCo Chorcaí anuraidh, áit ar bhain na Dúnaibh an comórtas Sóisir agus beidh an comórtas i mbliana i dTuar Mhic Éadaigh i gCo Mhuigheó. Mar pháirt den obair fhorbartha atá ar siúl faoi láthair tá fál curtha timpeall na bpáirceanna peile anois agus tá an dá sheomra feistíse úra chóir a bheith críochnaithe. Dar ndóigh tá neart oibre le bheith déanta go fóill agus beidh glanadh mór le déanamh ar an Ionad, istigh agus amuigh. Beidh an cumann ag brath go mór ar chomhoibriú agus ar thacaíocht an pho- bail mar cha dtiocfadh le cumann beag tuaithe ar bith a leithéid de chomórtas a reáchtáil gan tacaíocht an phobail. Ach caithfear a chur san áireamh nach ra- chaidh an Comórtas Náisiúnta seo ‘ un tairbhe go díreach don chumann ach rachaidh sé go mór ‘ un tairbhe don cheantar ar fad. Tá cuid mhór eagraíochta i gceist lena leithéid de chomórtas a reáchtáil agus ceann de na deacrachtaí a bhíonn ag an mhórchuid de na cumainn a reáchtáile- ann an Comórtas ná an lóistín. Beidh ar an chumann lóistín a chur ar fáil do chorradh agus cúig chéad a bheas leis na foirne gan trácht ar an lucht tacaíochta. Duine ar bith amuigh ansin gur mhaith leo lóistín a chur ar fáil don deireadh seachtaine nó gur mhaith leo a dteach a ligean ar cíos b ’ fhiú go mór a dhul i dteagmháil le hoifigeach de chuid an chumainn chomh luath agus is féidir.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3