Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 27 Seo pictiúr d ’ fhoireann peile na nDúnaibh a bhain Comórtas Peile na Gaeltachta anseo sa Chontae i ngrád na Sinsir sa bhliain 1986. Fuair siad an bhuaidh ar Ghleann Cholm Cille sa chluiche ceannais. Ba sin an bhliain a bhí an Comórtas Náisiúnta sna Dúnaibh. Ach ansin sna cluichí ceannais den Chomórtas Náisiúnta bhain Gleann Cholm Cille díoltas amach nuair a bhí buaidh mhaith acu ar na Dúnaibh. Ar cúl ó chlé: S. Mac Giolla Bhríde, M. Mac Giolla Bhríde (RIP), Tommy Clyde, M. Ó Cathasaigh, G Mac Aodha, P. Ó Buaidhe, M. Ó Gallchóir, H. Mac Laifeartaigh, P. Ó Buaidhe. ‘ Ún tosaigh ó chlé: D Mac Eiteagáin, P Mac Giolla Bhríde, E Mac Rodaigh, M. Mac Giolla Bhríde, D. Mac Giolla Bhríde, P. Ó Luodhóg, D. Mac Rodaigh agus B. De Róiste. Bhí an comórtas sna Dúnaibh uair amháin cheana agus ba sin sa bhliain 1986, bhí na sluaite fán áit agus bhain achan duine taitneamh as ócáid. Tá súil againn uilig go mbeidh sé mar an gcéanna an iarraidh seo.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3