Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 28 Is ait an mac an saol gan amhras. De réir cosúlachta, macasamhail na bhfáinleog i dtús an fhómhair, tá an teanga Gaeilge i ndiaidh a háit dúchais i gcuid mhaith de Ghaeltachtaí na hÉireann a thréigint agus ag dul ar imirce chuig na bailte móra agus cathracha! Caidé atá ag dul ar aghaidh ar chor ar bith? Tá conspóid ag baint le ceist na Gaeltachta ar feadh blianta fada, siar go dtí bunadh an Stáit ag tús na bhfichidí agus leoga d'fhéadfá rá níos faide siar ná sin, fiú amháin siar go bunadh Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893. Ní gá duit amharc i bhfad uait chun lucht cáinte na Gaeilge a fháil i láthair na huaire ach oiread, idir iriseoirí agus baill den phobal. Cha raibh meon, dearcadh nó cur chuige Rialtas i ndiaidh Rialtais, bíodh sin Fianna Fáil nó Fine Gael, thar mholadh beirte ach oiread. Ach sa deireadh thiar thall, d'éirigh leo plean a chur le chéile - Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2010 - 2030). Is é atá i gceist ná an Ghaeltacht a bhí ann go dtí seo a roinnt ina cheantair ar a dtugtar Limistéar Pleanála Teanga (LPT). Bheadh trí nó ceithre Ghaeltacht bheaga mar pháirt de gach LPD, mar shampla, Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir mar pháirt de LPD an Iarthuaiscirt. Maidir linn fhéin i Ros Goill, tá muid i LPT Thuaisceart Dhún na nGall mar atá Fánaid, An Tearmann, Craosloch, Gleann Domhain agus Gleann Bhairr. Chomh maith le sin, roghnaíodh Céim Aniar mar cheann eagraíocht agus toghadh Coiste Stiúrtha le beirt as achan cheantar ag déanamh ionadaíochta ar a gceantar féin. Caidé atá le déanamh ag achan LPT? Caithfidh gach LPT plean inbhuanaithe don Ghaeilge a chur le chéile taobh istigh de dhá bhliain ón am a hainmníodh an ceantar mar Limistéar Pleanála Teanga. Inár gcás fhéin, tharla seo i mí an Mhárta 2016. Ciallaíonn seo go bhfuil plean le ceapadh fá Mhárta 2018. Cluinim thú ag rá: Cén fáth nár ainmníodh Gaeltacht Thuaisceart Dhún na nGall go dtí an bhliain 2016 ? Sin ceist mhaith ar chóir duit chur ar do Theachta Dála áitiúil. Cibé ar bith, sula gceaptar plean, caithfear an pobal a chur ar an eolas agus bhí roinnt cruinnithe againn le heagraíochtaí áitiúla ar na mallaibh agus tá sé ar intinn againn cruinniú a bheith againn leofa sin a bhfuil suim acu sa Ghaeilge amach anseo go luath. (Coinnigh súil ar ár leathanach Facebook - Céim Aniar Teo.) Tá sé de dhualgas ar gach LPT meon an phobail i leith na Gaeilge a aimsiú, chomh maith lena gcumas nó neamh - chumas maidir le húsáid na Gaeilge agus dá bharr sin beidh Céim Aniar ag cur ceistneoirí thart ar na bailte fearainn i nGaeltacht Ros Goill chun an t - eolas seo a aimsiú. Bheadh sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaí freagraí ionraice ar cheisteanna an tsuirbhé. Beidh beirt thimire ag dul thart ag dáileadh agus ag bailiú na bhfoirmeacha suirbhé: Seán Mhicí Rua Mac Giolla Bhríde i gceantar an Íochtair agus Seosamh Ó Cuillinn i gceantar an Uachtair. Beidh na
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3