Guth Ghoill, Eagrán 54
Eagrán 54 2017 29 timirí ábalta aon cheist faoin suirbhé a fhreagairt agus bíodh a fhios ag achan duine nach gá d'ainm a chur leis an suirbhé seo. Nuair atá na foirmeacha seo uilig bailithe, beidh sé riachtanach anailís a dhéanamh ar na torthaí agus ansin ceapfar plean a bheas bunaithe ar na torthaí. Ina dhiaidh sin tá seacht mbliana leis an phlean a chur i gcrích. Tá a fhios againn uilig nach dtig linn pilleadh ar an dóigh a raibh cúrsaí Gaeilge i Ros Goill seachtó bliain ó shin - is é dhátheangachas atá i gceist i gcuid mhaith de Ghaeltachtaí na tíre san lá atá inniu ann. Agus, ar ndóiche, tá ról ag an Roinn Oi- deachais sa cheist seo chomh maith. Caidé a thig liomsa a dhéanamh fá dtaobh de, cluinim thú ag rá? Bhuel, is é beatha teanga í a labhairt. Mar sin, má tá Gaeilge agat, ná bíodh aon fhaitíos ort í a labhairt. Má tá paistí nó gar - pháistí agat, cad chuige nach labhrófá cúpla abairt Ghaeilge leo achan lá? Beidh sé ina chuidiú acu ar scoil agus tá sé cruthaithe ag taighde scoláirí go bhfuil sé níos fusa do pháiste ar bith atá in ann dhá theanga a labhairt, an tríú teanga a fhoghlaim. Ach siocair gur labhraíodh ár dteanga dúchais leis na céadta bliain i gceantar álainn Ros Goill, ba mhór an trua agus ba mhairg dúinn uilig dá mba seo an ghlúin a lig di dul in éag le linn ár n - ama. Mar a dúirt mé ag tús, nach íorónta an mhaise é go bhfuil Gaeilgeoirí na Sé Chontae ag clamhsán, ag oibriú agus ag cur brú ar Thionól Thuaisceart Éireann chun Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm i ndúiche ina raibh an Ghaeilge chor a bheith imithe as agus ag an am chéanna beag beann ag ceantair dhúchasacha Ghaeilge ar an tseod is luachmhaire in ár gcultúr. Is ait an mac an saol gan amhras.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3