Guth Ghoill, Eagrán 54

Eagrán 54 2017 3 an lae. Bheireadh an máistreas lód bréagán dó achan lá a chuidigh leis an lá a chur thart agus is mar sin a chaith sé a chuid ama go sona sásta go dtí go mbeadh am baile ann tráthnóna. Nuair a bhí sé cúig bliana d’aois chuir sí é isteach sna naíonáin. Is beag an chuimhne atá ag Mícheál dá mháthair ach go díreach go raibh cuimhne aige í a bheith tinn agus iontach lag in amanna. Ach is cuimhin leis an lá a fuair sí bás mar go raibh scaifte daoine fán teach. Ar an lá a cuireadh í is cuimhin leis a athair a fheiceáil ag siúl ‘na bhaile trasna na gcuibhreann i ndiaidh an tórraimh. Ba mhór an buille a bhí ann do thachrán a mháthair a chailleadh. Cé gur chrothnaigh Mícheál a mháthair i ndiaidh di bás a fháíl choinnigh a athair an chlann le chéile agus chuidigh bás a mháthrach leis a bheith neamhspléach mar go raibh cuid Seo Hannah, máthair Mhícheail Ag sáibháil an Fhéir: Seo pictiúr a glacadh sa bhliain 1931. Ó chlé: Ta beirt ar dhroim an asail, sin Patrick Brown, deatháir Mhícheáil, agus ina shuí ar mhuineál an asail te Micheal fhéin agus é corradh is trí bliaina. Ina sheasamh istigh eatorra tá stócach óg eile, sin Eddie Coyle. Ina sheasamh ar cúl tá a athair Jimmy Brown agus ar leathghlún faoi tá Barney Doherty. Ansin ag teacht ó chlé arís tá Domnic Mac Giolla Bhríde, (sin uncail Mhícheáil, Doimnic Jimmí Choirnín) a raibh cónaí air i nGleann Cheo. Ina shuí ar an fhéar ós ar chomhair amach ta máthair Mhícheail, sin Hannah Jimmí Choirnín agus ina baclainn tá deirfiúr Mhícheáil, an duine ab óíge sa chlann, sin Bridget. Ina suí ar choca féir in aice léi tá dhá ghasúr bheaga, sin Jimmy Jim agus in aice léi tá deartháir Mhícheáil, sin James Brown.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3